Tharla cogadh ollmhór i dTigray agus i dtuaisceart na hAetóipe le linn 2020-2022. Fuair 385,000 - 600,000 bás, díreach nó indíreach, de bharr an chogaidh nó de bharr ocrais nó easpa cúraim sláinte.[1][2][3][4] D'éag b'fhéidir 30k-90k sa chogaíocht agus sna sléachtanna, ach tá meastacháin níos mó ann.[5]

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtCogadh Tigray, 2020-2022
Íomhá
Cineálcoinbhleacht
glanadh eitneach Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse3 Samhain 2020 - 3 Samhain 2022
SuíomhTigray Region, An Aetóip (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tíran Aetóip Cuir in eagar ar Wikidata
Sléachtanna le linn 2021

Imeachtaí cuir in eagar

Tá an tír roinnte ar bhonn eitneachais agus tá leithcheal ar bhon n eitneachta forleathan. Tá an Eaglais Cheartchreidmheach an-láidir i Tigray chomh maith.

teasléaráid déine, 2021 Foinse: Ollscoil Ghent

Thosaigh an cogadh ar 3 Samhain 2020 nuair a d'ionsaigh reibiliúnaigh de chuid Tigray (an TPLF[6] go príomha) fórsaí an rialtais (de chuid na hAetóipe) i Mekelle, príomhchathair Tigray.[7] Bhí fórsaí an rialtais ag cúlú roimh na reibiliúnaigh le linn Iúil-M.F. 2021 agus thosaigh aslonnú Addis Addaba. Ach ní raibh na reibiliúnaigh in ann ag fórsaí an rialtais i ndeireadh an lae.

Gorta agus díriú orthusan is mó gá, Bealtaine 2021

Bhí teannas láidir ann maidir leis an teorainn leis an tSúdáin agus an Eiritré ag an am céanna.

Tharla sladmharú agus ollsléachtanna go leor. Tharla gortaí chomh maith agus ní raibh an córas sláinte ábalta freastal ar an éileamh a bhí air.

Tháinig deireadh leis an gcogadh ar 3 Samhain 2022 nuair a socraíodh margadh san Afraic Theas.

Éire agus Tigray cuir in eagar

Bhí Cúnamh ÉIreann gniomhach i dTigray nuair a bhris an cogadh amach. Thacaigh Cúnamh Éireann le roinnt tionscadal in Tigray, mar shampla le clinic tréidliachta díreach roimh an gcogadh.[8] Agus an t-athrú aeráide faoi lán seoil, bhí an ithir sa chuid seo na hAetóipe ag éirí gainmheach ag an am.[9] Fágann athrú aeráide cheana féin nach féidir na séasúir a thuar san Aetóip mar a dhéanfaí, rud a fhágann go bhfuil bainistiú uisce agus barra níos crua níos tábhachtaí fós chun cuidiú le feirmeoirí.[10] Mar sin bhí baol láidir ann go raibh mór-imeacht nó tubaiste (mar sh. gorta) ar na gaobhair sa réigiún nuair a bhris an cogadh amach.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. "New estimate of the Tigray death toll" (en). Martin Plaut (2022-10-19). Dáta rochtana: 2023-11-03.
  2. "Surge of dehumanizing hate speech points to mounting risk of mass atrocities in northern Ethiopia, experts say" (en-CA). The Globe and Mail (2022-10-21). Dáta rochtana: 2023-11-03.
  3. David Volodzko (2022-05-10). "There’s Genocide in Tigray, but Nobody’s Talking About it" (en-US). Dáta rochtana: 2023-11-03.
  4. Dr Ewelina U. Ochab. "Heightened Risk Of Genocide Against Tigrayans In Ethiopia" (en). Forbes. Dáta rochtana: 2023-11-03.
  5. "Casualties of the Tigray War" (as en) (2023-09-11). Wikipedia. 
  6. "Tigray People's Liberation Front" (as en) (2023-10-29). Wikipedia. 
  7. RnaG (2020-11-19). "Frank Reidy, ceannfort airm, údar 'Seal san Aetóip'" (ga-IE). RTE Radio. Dáta rochtana: 2023-11-03.
  8. Cúnamh Éireann – ourworldirishaidawards.ie (2021). "COMHPHÁIRTÍOCHT AR SON NA SPRIOCANNA / clár cúnaimh Rialtas na hÉireann le haghaidh forbairt thar lear / GRADAIM CHÚNAMH ÉIREANN, ÁR nDOMHAN". Dáta rochtana: 2023.
  9. "Ag Freagairt d’Ocras agus Athrú Aeráide san Aetóip - Department of Foreign Affairs". www.irishaid.ie. Dáta rochtana: 2023-11-03.
  10. irishaid.ie / Cúnamh Éireann (2012). "Ocras a Laghdú, Teacht Aniar a Neartú / Tuarascáil Bhliantúil Chúnamh Éireann 2012". Dáta rochtana: 2023.
  11. "Ethiopian Civil War" (as en) (2023-11-01). Wikipedia.