CLG An Gleann (Luimneach)
Is club Cumann Lúthchleas Gael i gContae Luimnigh é CLG An Gleann.
Sonraí | |||||
---|---|---|---|---|---|
Cineál | club spóirt | ||||
Dáta a bunaíodh | 1897 | ||||
Gníomhaíocht | |||||
Spórt | peil Ghaelach | ||||
Rialachas corparáideach | |||||
Ceanncheathrú | |||||
Bunaithe: | 1897 | ||||||||||||||
Contae: | Luimneach | ||||||||||||||
Roinn: | Thiar | ||||||||||||||
Peil: | Sóisear A | ||||||||||||||
Iomáint: | - | ||||||||||||||
Dathanna: | Dubh is bán | ||||||||||||||
Páirc: | Páirc Uí Chathaláin, An Gleann, Contae Luimnigh | ||||||||||||||
|
Suíomh
cuir in eagarTá sé bunaithe i bparóiste An Ghleanna ar bhruach theas Béal na Sionainne in Iarthar Contae Luimnigh, 60km siar ó Chathair Luimnigh. Tagann formhór imreoirí an chlub as baile An Gleann agus as na ceantracha tuaithe máguaird ar nós Coill Fhéinne, Baile Mhic Giolla tSeanáin, Baile Uí Choileáin agus Cathrach.
Cluichí
cuir in eagarTá paróiste An Ghleanna díreach ar theorainn Chontae Chiarraí agus tá traidisiún láidir peile sa cheantar. Imrítear ach an pheil amháin sa chlub. Cé gur dheineadh iarracht foireann iomána a bhunú tráth, ní imrítear an spórt sin go forleathan sa pharóiste. Is é Naomh Ciarán an club iomána is gaire don Ghleann.
Páirc imeartha
cuir in eagarTá páirc imeartha An Ghleanna, Páirc Uí Chathaláin, suite 1km ó dheas ó lár an bhaile ar Bhóthar Áth an tSléibhe.
Imreoirí cáiliúla
cuir in eagarI measc peileadóirí cáiliúla an chlub, tá Seán Ó Ceallaigh (John Kelly), captaen buaiteoirí Craobh Peile Sinsear Chontae Luimnigh ar cheithre ócáid (1926, 1929, 1930, 1931), agus Liam Ó Luing (Liam Long), a d’imir ar fhoireann sinsear Luimnigh le linn blianta na 1980í.
Tagairtí
cuir in eagar- “One Hundred Years of Glory: A History of Limerick GAA”, Ó Ceallaigh, Séamus & Murphy, Seán, 1984, (Béarla).