CLG Naomh Ciarán (Luimneach)

Naomh Ciarán
Béarla: Saint Kierans
Bunaithe: 1970
Contae: Luimneach
Roinn: Thiar
Peil: Sinsear
Iomáint: Idirmheánach
Dathanna: Glas is ór
Páirc: Cúil Cheapach, Contae Luimnigh
Geansaí Geansaí Geansaí
Brístí gearra
Stocaí
Dathanna

Is club Cumann Lúthchleas Gael i gContae Luimnigh é CLG Naomh Ciarán.

Suíomh cuir in eagar

Tá an club bunaithe i bparóiste Cúil Cheapach/Cill Cholmán in Iarthar Chontae Luimnigh idir Ráth Caola agus Faing, 40km siar ó Chathair Luimnigh. Tagann formhór a imreoirí as ceantracha tuaithe an pharóiste ar nós Cill Cholmáin, Cúil Cheapach, An Chraobh agus An Coinicéar agus as sráidbhailte Ardach agus Carraig Chiarraí agus na ceantracha tuaith máguaird i bparóiste Ardach/Carraig Chiarraí ar nós Dún gConmhaoile, Cnoc na Boithe agus Ráth Rónáin. Is féidir le hiománaithe as na paróistí An Gleann, Faing/Seanghualainn, Leamhchoill/Baile Dhá Thuile agus Áth an tSléibhe imirt le Naomh Ciarán chomh maith.

Cluichí cuir in eagar

Tá traidisiún láidir peile agus iomána sa dá pharóiste agus bhí an bhéim chéanna sa chlub ar an dá chód suas go dtí blianta na 1970í nuair a shroich Naomh Ciarán cluiche ceannais Craobh Peile Sinsear Chontae Luimnigh don chéad uair. Cé gur imrítear an iomáint fós, tá an pheil níos láidre sa chlub ón am sin i leith.

Stair cuir in eagar

Páirc Imeartha cuir in eagar

Tá páirc imeartha Naomh Ciarán suite I gCúil Cheapach, lámh leis an séipéal agus an scoil náisiúnta. Baintear úsáid ar ócáid as seanpháirc Ardaigh atá suite i mbaile Ardach.

Imreoirí Cáiliúla cuir in eagar

I measc peileadóirí cáiliúla an chlub ar imir ar fhoireann sinsear Luimnigh, tá Pádraig Ó Laochdha (Pa Leahy) as blianta na 1970í, Liam Baróid (Liam Barrett) as blianta na 1980í agus Seán Mac Cárthaigh (Johnny McCarthy) as blianta na 2000í.


Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  • “One Hundred Years of Glory: A History of Limerick GAA”, Ó Ceallaigh, Séamus & Murphy, Seán, 1984, (Béarla).