Gearóid Ó Gríofa
Béarla: Gerald Griffins
Bunaithe: 1992
Contae: Luimneach
Roinn: Thiar
Peil: Idirmheánach
Iomáint: -
Dathanna: Glas is bán
Páirc: Baile Dhá Thuile, Contae Luimnigh
Geansaí Geansaí Geansaí
Brístí gearra
Stocaí
Dathanna

Is club Cumann Lúthchleas Gael i gContae Luimnigh é CLG Gearóid Ó Gríofa.

Ainm cuir in eagar

Tagann ainm an chlub ón údar Gearóid Ó Gríofa (1803-1840). Scríobh sé an úrscéal The Collegians atá bunaithe ar thragóid an Colleen Bawn a tharla i Leamhchoill ag tús an 19ú céad.

Suíomh cuir in eagar

Tá an club bunaithe i bparóiste Leamhchoill/Baile Dhá Thuile ar bhruach theas Béal na Sionainne in Iarthar Contae Luimnigh i ngleann an Abhainn Bhán idir Faing agus An Gleann, 55km siar ó Chathair Luimnigh. Tagann formhór imreoirí an chlub as na bailte Baile Dhá Thuile, sráidbhaile Leamhchoill agus as na ceantracha tuaithe máguaird ar nós Fliain Mór, Lios an Riadaigh agus Cluain Leathaird.

Cluichí cuir in eagar

Imrítear ach an pheil amháin sa chlub. Ní imrítear an iomáin go forleathan sa cheantar. Is é Naomh Ciarán an club iomána is gaire don chlub.

Stair cuir in eagar

Páirc Imeartha cuir in eagar

Tá páirc imeartha Ghearóid Uí Gríofa suite i bhFionnú, 2km soir ó Bhaile Dhá Thuile.

Imreoirí Cáiliúla cuir in eagar

I measc peileadóirí cáiliúla an chlub, tá Damien Ó Riada (Damien Reidy), ar imir ar fhoireann sinsear Luimnigh le linn blianta na 1990í.


Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  • “One Hundred Years of Glory: A History of Limerick GAA”, Ó Ceallaigh, Séamus & Murphy, Seán, 1984, (Béarla).