Is caisleán agus Séadchomhartha Náisiúnta é Caisleán De Moirtiméir i gContae na hIarmhí, Éire.

WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Caisleán De Moirtiméir
Íomhá
Sonraí
CineálCaisleán Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinContae na hIarmhí, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 53° 38′ 55″ N, 7° 20′ 29″ O / 53.648607°N,7.341412°W / 53.648607; -7.341412
Séadchomhartha náisiúnta na hÉireann
Aitheantóir610

Tá Caisleán de Moirtiméir suite ar bhruach thoir Loch Dairbhreach, 4.4 km (2.7 mhíle) siar ó dheas ó Bhaile na gCros.

Creidtear go bhfuair an caisleán a ainm ó Roger Mortimer, 4ú hIarla March (1374–98), a bhí ina Ard-Leifteanant na hÉireann Anraí IV ar feadh na trí bliana deiridh a shaoil, sula bhfuair sé bás i luíochán i gCeanannas, Cotae na Mí (nó b’fhéidir Ceanannas, Contae Chill Chainnigh nó Cill Osna, Contae Cheatharlach). [1]

Ceanglaíonn cuntais eile é le Edmund de Mortimer, 5ú Iarla March agus 7ú Iarla Uladh (1391–1425), a rugadh sa bhForaois Nua in aice le Bealach an Tirialaigh.

Dúirt finscéal áitiúil go raibh cuid mhór óir curtha i siléir ar an suíomh, cosanta ag cat dubh.[2]

Foirgneamh

cuir in eagar

Sheas caisleán mór Angla-Normannach ar an suíomh, 52 m x 125 m (57 slat x 137 slat) i toisí. Tá iarsmaí de thúr cloiche dhá stór sa chúinne thiar thuaidh.