Tugadh an talamh anseo do Richard de Londres sa bhliain 1200 ar an gcoinníoll go dtógfadh sé caisleán chun a réadmhaoin a chosaint. Ceaptar gur dóchúla gurb é an struchtúr a thóg de Londres anseo an móta, nó an caisleán créfoirt, atá suite ar chúl an tsuímh seo. Tógadh an caisleán mór cloiche ina dhiaidh sin, sa 14ú nó sa 15ú haois.

WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Caisleán Fhiodh Ard
Íomhá
Sonraí
CineálCaisleán
Foirgníocht14 haois Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinContae Loch Garman, Éire
Map
 52°11′36″N 6°50′24″W / 52.193379°N 6.839941°W / 52.193379; -6.839941

An Móta Normannach cuir in eagar

Tulán cré de dhéantús an duine é móta ar tógadh struchtúr cosanta adhmaid ar a bharr. Is minic go raibh talamh chothrom taobh leis an móta, ar a dtugtar bábhún, ina raibh foirgnimh - hallaí, cistin, stóir, stáblaí, séipéal agus ceardlanna san áireamh. Bhí claí agus múr cré timpeall ar an móta agus an bábhún, chomh maith le díog oscailte a bhí líonta le huisce go minic.

An Caisleán Cloiche cuir in eagar

Tógadh an caisleán cloiche anseo ag Fiodh Ard i roinnt céimeanna i rith na 14ú agus na 15ú haoise. Teach geata é an chuid is luaithe den chaisleán atá suite ar thaobh thoir an fhoirgnimh. Ceaptar gur thóg Easpag Fhearna an caisleán mar áit chónaithe sa samhradh agus bhí fráma clog ar bharr ar an túr ciorclach starrach. Chónaigh roinnt easpag níos déanaí sa mheánaois ag Fiodh Ard chun ionsaithe a sheachaint a rinne na hÉireannaigh dhúchasacha i dtuaisceart Loch Garman.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Fethard Castle, Wexford". www.megalithicireland.com. Dáta rochtana: 2021-10-18.