Caisleán Ghlinsce

caisleán i gContae na Gaillimhe

Caisleán Ghlinsce suite i nGlinsce in oirthuaisceart Chontae na Gaillimhe.

Caisleán Ghlinsce
Íomhá
Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
CineálCaisleán Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinGlinsce, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 53° 39′ 07″ N, 8° 25′ 55″ O / 53.652°N,8.432°W / 53.652; -8.432
Séadchomhartha náisiúnta na hÉireann
Aitheantóir439

Is minic a mhaítear gurbh é an caisleán deireanach a tógadh in Éirinn é, ach deirtear uaireanta eile nach caisleán atá ann ach túrtheach. Pé scéal é, is deimhin gur cuireadh tús le hobair ar an bhfoirgneamh atá anois ann thart ar 1628 ar ordú Bhairnéad Ghlinsce, Uileog de Búrca, ar láthair caisleáin níos sine. I measc na ndaoine eile a raibh cónaí orthu sa gcaisleán, tá Liam de Búrca, nó Liam Garbh mar a tugadh air, agus Nuala na Miodóige, bean uasail a fheictear i bhfinscéalta áitiúla.