Is fothrach caisleáin é Caisleán Léim an Eich atá suite i mbaile fearainn Léim an Eich Thuaidh, paróiste Chill Iníne Baoith, idir sráidbhailte Cora Finne agus Chill Fhionnúrach ag teorainn réigiúin An Bhoirinn i gContae an Chláir, Éire. Tá sé comhdhéanta de thúrtheach ón 15ú haois agus teach mór ón 17ú haois.

WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Caisleán Léim an Eich
Íomhá
Sonraí
CineálFothrach caisleáin agus caisleán Cuir in eagar ar Wikidata
Foirgníocht1480 Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinContae an Chláir, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 52° 59′ 15″ N, 9° 08′ 25″ O / 52.987589°N,9.140264°W / 52.987589; -9.140264

Tá an caisleán suite ag crosbhóthar tábhachtach áitiúil agus an áit ar bhuail barúntachtaí na Boirne, Corca Mrua agus Inse Uí Chuinn le chéile. Trasnaíonn bóthar an R476 ó Chill Fhionnúrach go sráidbhaile Chill Iníne Baoith agus an R480 ó thuaidh go Baile Uí Bheacháin ann inniu.[1]

 
Radharc ar an gcaisleán
  1. Carthy (2011). "Burren Archaeology". The Collins Press. ISBN 9781848891050.