Caisleáin na hÉireann, 1350 - 1650
Idir na blianta 1350 agus 1650 chuaigh caisleáin na hÉireann i líonmhaireacht agus gan iontu de ghnáth ach daingean ard agus bábhún. Caisleáin iad den saghas a dtugtar “tower houses” orthu i mBéarla. Baineadh feidhm astu mar áiteanna cónaithe agus cumhachta anuas go dtí lár an 17ú haois, ach ligeadh dá bhformhór dul chun raice ina dhiaidh sin. Bhí a leithéidí eile le fáil in Albain agus ina lán tíortha eile mar a raibh rialtas na tíre lag go leor.
An 14ú hAois
cuir in eagarSa 14ú haois tógadh a lán caisleán nua de bharr trí thiarnacht nua a chur ar bun laisteas de líne idir Baile Átha Cliath agus Luimneach: na Buitléaraigh ó dheas agus soir ón Aonach i dTiobraid Árann, Iarla Chill Dara thoir, agus Iarla Dheasmhumhan laistiar de Chontae Luimnigh.
Tá tréithe cultúrtha éagsúla le haithint ar mhaisiú agus ar dhéanamh chaisleáin Éireannacha na linne. Feictear tionchar na stíle Sasanaí ar fhíochán na bhfuinneog, ar mhúnlú na gcíomaí, agus i múnlaí éadroma tonnacha. Tá rian na stíle Gaelaí ar an tsaoirseacht: is minic aolchloch chrua á húsáid in áit gaineamhchloiche mar chloch chóirithe agus í maisithe go héadrom le pritil (maisiúchán duilleog atá uirthi uaireanta). Déantar stuanna doirse de chúpla cloch fhada seachas de stuachloch. Tar éis na bliana 1350 baintear feidhm as cliathobair i gcomhair stuachreatlach na mboghtaí. Tá rian na Fraince agus thuaisceart na Breataine ar na meirilí céimnithe, ar phoill choirbéalta lámhaigh agus ar na túiríní. Is féidir a rá gur ó stíl mhaisithe Shasanach an 14ú haois a d'eascair stíl dhéanach Ghotach na hÉireann, rud a d'fhág a lorg ar thógáil na gcaisleán.[1]
Caisleán Eas Géitine
cuir in eagarTugann seanchaisleán de chuid Iarla Dheasmhumhan, Caisleán Eas Géitine, léargas ar nósanna tógála na ré úd.
Tá daingean ard agus dhá halla ann taobh istigh d'imbhalla. B’fhéidir gur shéipéal é ceann de na hallaí: tá eangach shnoite fós ar na fuinneoga. Tá an daingean roinnte ina dhá chuid. Tá roinn dhá urlár ann agus teallach ollmhór thíos a bhfuil dhá fhuinneog lena ais - ceann ard dhá ghloine agus ceann níos lú os a chionn. Thuas an staighre tá seomra eile agus a theallach féin aige. Foirgneamh cúig urlár is ea an roinn eile, agus roinnt seomraí móra agus príobháideacha ann, gan trácht ar leithris. Tá na fuinneoga agus na doirse snoite go greanta.[2]
An 15ú haois agus an 16ú haois
cuir in eagarFaoin 15ú haois bhí breis éilimh ag teacht ar an gcaisleán beag (daingean agus babhún). Bhí an chuid ba mhó de na caisleáin úd le fáil theas agus thiar, agus gan an oiread sin acu le feiceáil thoir ná i bhfad siar ó dheas. Bhí siad níos líonmhaire sna ceantair ba shuaite agus tiarnaí nua á bhfódú féin ann.[3]
Tharla athrú sóisialta idir na blianta 1308 agus 1508 ar thailte na mBuitléarach i ndeisceart Thiobraid Arann a d’fhéadfadh léargas a thabhairt ar an scéal. Feicimid saorshealbhóirí á ndéanamh de shaorthionóntaí, iad ag aistriú go háiteanna nua (ar ardáin go minic) agus ag tógáil caisleán mar chomhartha ar a stádas nua. Bhí a lán tiarnaí beaga i dtiarnacht na mBúrcach in oirthear Chontae na Gaillimhe agus iad ag tógáil caisleán ar an dóigh chéanna.[4]
Níorbh iad thionóntaithe na dtiarnaí móra nó tionóntaithe an Rí amháin a thógadh na caisleáin úd ach dhá dhream eile chomh maith: muintir shaibhir na mbailte móra (ceannaithe agus eile) agus sagairt. Is iomaí caisleán atá le feiceáil ar léarscáileanna bailte móra ón 16ú haois agus ón 17ú haois, i gCarraig Fhearghais, mar shampla. Sa Pháil tógadh a lán caisleán in aice le teampaill pharóiste.[5] Faoin mbliain 1600 bhí caisleáin le feiceáil go coitianta.[6][7]
Tógáil na gCaisleán
cuir in eagarBhí éagsúlacht ag baint le caisleáin na hÉireann de réir an réigiúin, am a dtógála agus stádas a dtógálaithe.[8]
Tá léargas le fáil ar an scéal ó na socruithe tógála a fágadh againn. Bhí caisleán nua le tógáil do Risteard de Búrca sa bhliain 1547: trí urlár le bheith ann agus boghta ar chothrom na talún, na múir le bheith sé throigh ar tiús faoi bhun an bhoghta agus ceithre throigh os a chionn, sclátaí ar an díon agus dhá shimléar. Bheadh barbacán ann agus gráta iarainn (‘yett’) ar an doras. Bhí gá, ar ndóigh, le siúinéir agus le saor.[9] Bheadh orthu feidhm a bhaint as pé cloch a bhí i gcóngar na háite. Nuair a tógadh caisleán san Aird i gContae na Gaillimhe úsáideadh píosaí eibhir a bhí snoite go garbh, iad táthaithe le moirtéar aoil a raibh neart gainimh agus sliogán ann.[10]
Tá socrú eile ann a rinneadh ar 15 Aibreán 1547 i ngeall ar chaisleán a bhí le tógáil do d’Iarla Urmhumhan. Luaitear trí hurlár, díon sclátaí, boghta, ballaí atá sé throigh ar dhoimhne faoi bhun an bhoghta agus trí throigh ar dhoimhne thuas.[11] Níor luadh leithris, ach bhí siad sin le fáil i ngach caisleán.
Bhí tréithe réigiúnacha le haithint ar na caisleáin. I gContae Luimnigh is minic a d’fheicfeá daingean cearnach agus dhá roinn neamhchothroma istigh ann, seomraí móra sa roinn mhór, seomraí níos lú agus staighre sa roinn bheag. Sa roinn úd a bheadh an bealach isteach, agus is ann a bheadh forsheomra freisin, seomra beag ar thaobh amháin de agus staighre bíse ar an taobh eile. Sa Pháil ba bhreá leo túiríní, agus bheadh súil agat le boghta ar an dara hurlár i gContae Luimnigh agus i gContae Thiobraid Árann. Bhí poill lámhaigh coitianta sa deisceart.[12] Bheadh an halla thuas de ghnáth agus boghta mór thíos, cé go mbeadh an leagan amach de réir an chontae nó an chúige féin.[13]
Bheadh ar na siúinéirí urláir le déanamh agus na giarsaí ar bhaill iompair a raibh a gcinn sáite isteach i gcró, nó cinn na ngiarsaí ar mhaidí balla a bhí leagtha ar choirbéil.[14]
Bhí baint ag tógáil an dín le leagan amach an lochta, an uchtbhalla agus an chosáin bhalla, agus slite difriúla ag lucht tógála le socrú a dhéanamh. I gContae an Dúin thagadh na beanna aníos ar an taobh istigh den bhalla, i dtreo go dtéadh an cosán balla timpeall gan bhac agus gurbh fhurasta dul isteach sna túiríní. I gContae Thiobraid Árann thagadh na beanna aníos ar an taobh amuigh den bhalla, agus ba dheacair an dá thaobh fhada a bhaint amach dá bharr. B’fhéidir dul ó thaobh go taobh trí phasáiste sa bhinn féin ach ba chiotach an tseift í. Uaireanta bheadh ort droim an dín a chur díot, seift ba mheasa fós.[15]
Caisleán Bhéal Átha na Carraige
cuir in eagarTá léargas le fáil ar chaisleáin na linne ó Chaisleán Bhéal Átha na Carraige i gContae Chorcaigh: é suite os cionn locha agus teacht aige ar uisce srutha.[16] Caisleán ceithre urlár é agus é 14.621m ar 11.885m. Níor tógadh é níos déanaí ná 1585. Bhí ceithre thúr chruinne timpeall an daingin mhóir, agus geata crochta thoir. Bhí seomra agus forsheomra thíos agus staighre bíseach i gcúinne amháin a thabharfadh suas go dtí na sé leibhéal chónaithe thú. Bhí cúpla teallach ann, agus bhí boghta ar an tríú hurlár. Is díol spéise í an tsnoíodóireacht a rinneadh ar na ballaí - maisiúcháin gheoiméadracha, naoimh, bean le rósanna agus Síle na gcíoch.[17]
Saol an lucht cónaithe
cuir in eagarTá cuntais againn ó eachtrannaigh a thug cuairt ar na caisleáin seo c. 1600. Luann siad na fuinneoga caola, ganntanas troscáin, an luachair a leagtaí ar na hurláir sa samhradh agus an tuí a chuirtí ina háit sa geimhreadh. Tá cuntas ó Shasanach ar an bhfáilte a d’fheartaí ar an gcuairteoir – an bantiarna agus a cóisir roimhe ag an doras, na deochanna a bheadh air a bhlaiseadh (beoir, uisce beatha, fíor saic, leann) roimh dó dul isteach, an feoil “ill-cooked” gan anlann, seomra codlata plódaithe, agus deochanna an dorais le n-ól ag imeacht dó.[18]
Ar feadh i bhfad bhí idirdhealú déanta idir an halla (spás poiblí) agus na seomraí príobháideacha, ach maolaíodh an an leagan amach seo le himeacht aimsire, ó bhí na caisleáin ba dhéanaí ina n-áiteanna cónaithe príobháideacha.[19]
B’fhéidir go mbeadh léibheann sa halla le haghaidh an tiarna agus cros-scáthlán síos uaidh. D’fhéadfaí seomra beag nó áiléar a thógáil os cionn an scáthláin.[20]
Suíomh agus Cosaint
cuir in eagarIs cosúil nár chúrsaí cosanta an chloch ba mhó ar phaidrín na dtiarnaí i gcónaí agus na caisleáin á dtógáil. Bhí tábhacht le caoithiúlacht agus le slí dá mbeadh d’acmhainn agat daingean a thógáil dá réir. Is annamh a tógadh caisleáin in áit ab fhurasta a chosaint, cé go raibh cuid acu le fáil ar rinn talún i loch nó in áit arbh éigean dul thar chabhsa go dtí í.[21] I ndáiríre, níor tógadh iad chun léigear fada a sheasamh ach chun an fód a sheasamh i gcoinne ruathar gearr.[22]
Is iomaí cuntas atá sna croinicí ar chaisleáin a ghabháil, a mhilleadh nó a mhalartú. Is minic nach mbeadh d'fhoireann sa chaisleán ach roinnt bardaí agus iad i bhfeighil na háite fad is a bhí an tiarna féin as láthair. Sa bhliain 1442, mar shampla, d'éirigh le hEinrí mac Eoghain Uí Néill seilbh a fháil ar Chaisleán na Finne, agus d'fhág barda ann seachas dul chun cónaithe ann é féin.[23]
Is beag caisleán a bhí doghafa, ach níor éirigh le gach ionsaí ach oiread. Is annamh a bheadh gunnaí móra ag an ngnáth-thiarna, cé gur nós ag fórsaí na Corónach iad a úsáid. Is minic, mar sin, a d'ionsaítí caisleán ar an dóigh thraidisiúnta. Sampla de sin is ea an t-amas a thug Rúraí Mac Neachtain ar Chaisleán Inse sa bhliain 1454: "Ro loiscceadh comhla & dorus an chaislein la Rudhraighe cona slógh, & ro dhercclas an staighre" (Loisceadh comhla [i.e. geata] agus dorus an chaisleáin le Rúraí gona shlua, agus dhearglas an staighre).[24] Theip orthu an caisleán a ghabháil, mar sin féin. Sa bhliain 1478 rinne Ruairí Mac Diarmada Caisleán na Carraige a ionsaí le sásanna léigir den seansaghas agus iad déanta ag saoir a tugadh "a Fearaibh Manach" chuige. D'éirigh leis.[25] Bhí an Fear Ionaid Gearóid Mac Tomáis, Iarla Chill Dara, in ann tairbhe a bhaint as airtléire sa bhliain 1498 agus é ag cur Chaisleán Dhún Geanainn faoi léigear "co ro ghabhsat é fo dhéoidh le gonadhaibh móra" (nó gur ghabhadar é faoi dheoidh le gunnaíbh móra).[26]
D’fhéadfadh cúrsaí gnó agus geilleagair dul i bhfeidhm ar shuíomh caisleáin. As 16ú haois go háirithe bhí borradh ag teacht faoin iascaireacht agus faoin trádáil ar chósta na Gaillimhe, agus baint ag iascairí ó Shasana agus ón Spáinn leis an scéal. Bhí brabach le baint ag na tiarnaí áitiúla as seo, ós uathusan a fhaightí cead iascaireachta, áit feistithe agus áiseanna chun iasc a chóiriú. Chomh maith leis sin, dhíolaidís olann, seithí agus éadach i nGaillimh féin. Dá bhrí sin ba nós acu a gcuid caisleán a thógáil chomh cóngarach don fharraige agus ab fhéidir, os cionn na mbráití agus na leapacha ancaire: sampla de sin is ea Caisleán Achadh na nIúr.[27]
Uaireanta bheadh aghaidh chaisleáin na gceannaithe ar an gcé chun éascaíocht a dhéanamh i gcúrsaí gnó, agus más ar oileán a tógadh caisleán bheadh seomra thíos le haghaidh na mbád.[28]
Deireadh Ré
cuir in eagarFaoi lár an 17ú haois ba léir go raibh deireadh tagtha le ré na gcaisleán beag. Bhí sé rófhurasta iad a threascairt le gunnaí móra agus níor thaitin siad leis na huaisle nua ó Shasana agus ó Albain a tháinig in ionad na seantiarnaí. Compord a bhí ag teastáil, agus b’fhearr leis an dream nua tithe móra a thógáil. De réir a chéile thit na caisleáin chun raice; chaill siad a ndíonta agus is dócha gur baineadh a raibh d’adhmad iontu as a bhformhór.
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ MacNeill 1997, lgh 171-173.
- ↑ ibid lgh 175-182
- ↑ ibid lch 205.
- ↑ ibid lch 206.
- ↑ ibid lch 209.
- ↑ ibid lch 210.
- ↑ http://en.wikipedia.org/wiki/List_of_castles_in_Ireland
- ↑ Sherlock 2010, lch 118
- ↑ ibid lch 211.
- ↑ Naessens 2007, lch 272.
- ↑ Gníomhais Iarlaí Urmhumhan: “the same castle is to be of thre loftes [floors] besides the rofe, and the same substancially builded; the first loft to be with be with a vault and to be xiii fote hy, and the other ii lofts to be every one of them x fote hy; and the rofe to be substancially covered with slate and the gutters with gutterstone well embatelede; and to be furnished with a chymney in both of the ii over loftes and a substanciall persoum (?) with drawghtes accordinge; the same castell to have a goode substanciall berbikan of stone such is at Pollywherie [Caisleán Pholl an Choire láimh le Cill Síoláin, b’fhéidir, agus é gar don Bhriotás], and to the neither gate of the castell to have a good grate of iron; and the said castell to be substancially buylded with good lyme and stone, the walls to be vi fote thick undre the vault and iii fote thick above, and furnished with doors and wyndowes and all other things necessarie to a castell, as shalbe thought goode by the iudgement of Mr. Derby Ryan and the tesorer of Lismore, calling to them one mason and one carpenter”. Luaite in Sherlock 2010, lch 118.
- ↑ MacNeill lgh 212-213.
- ↑ Sherlock 2010, lgh 119-132
- ↑ ibid lch 216.
- ↑ ibid lgh 218-219.
- ↑ http://en.wikipedia.org/wiki/Ballinacarriga_Castle
- ↑ http://irishantiquities.bravehost.com/cork/ballinacarriga.html Curtha i gcartlann 2008-10-01 ar an Wayback Machine Irish Antiquities - Photographs of Ballinacarriga Castle and carvings
- ↑ Luke Gernon c. 1620, luaite in Sherlock 2010, lgh 115-116
- ↑ ibid, lch 135: “Where many fifteenth century tower-houses were built with highly complex internal layouts in order to facilitate the separation of the public and private areas which co-existed within them, the latest tower-houses were essentially private homes and so simpler methods of spatial organisation were used”.
- ↑ ibid lch 131
- ↑ MacNeill, lch 218-219.
- ↑ ibid lch 225.
- ↑ http://www.ucc.ie/celt/published/G100005D/index.html M1442.9
- ↑ http://www.ucc.ie/celt/published/G100005D/index.html M1454.1
- ↑ http://www.ucc.ie/celt/published/G100005D/index.html M1478.22
- ↑ http://www.ucc.ie/celt/published/G100005D/index.html M1498.9
- ↑ Naessens 2007, lgh 221-232.
- ↑ McNeill lch 223.
Naisc
cuir in eagarLiosta Leabhar
cuir in eagar- MacLysaght, Edward, Irish Life in the Seventeenth Century, Irish Academic Press, 1979 (athchló). ISBN 0-7165-2343-4, 9780716523437
- MacNeill, Tom, Castles in Ireland: Feudal Power in a Gaelic World, Routledge 1997. ISBN 0-455-16537-7
- Naessens, Paul, ‘Gaelic lords of the sea: the coastal tower houses of south Connemara,’ in Lordships in Medieval Ireland: Image and Reality, eag. Linda Doran agus James Lyttleton, Four Courts Press, 2007. ISBN 978-1-84682-041-0
- Nicholls, K.W., Gaelic and Gaelicized Ireland in the Middle Ages, Lilliput Pty Ltd, 2004 (athchló). ISBN 1-84351-003-0
- Sherlock, Rory: ‘The evolution of the Irish tower-house as a domestic space,’ Proceedings of the Royal Irish Academy, Vol. 111C, 2010