Is túrtheach a thóg muintir de Búrca sa 16ú haois é Caisleán na Daoile. Tá sé suite in aice le baile Chrois Mhaoilíona, Contae Mhaigh Eo, Éire.

WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Caisleán na Daoile
Íomhá
Sonraí
CineálFothrach caisleáin agus túrtheach in Éirinn Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinContae Mhaigh Eo, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 54° 06′ 29″ N, 9° 15′ 14″ O / 54.10807°N,9.25387°W / 54.10807; -9.25387
Caisleán na Daoile
Laistigh den sciatháin ón 18ú haois

Túrtheach ón 16ú haois de chuid na mBúrcach é Caisleán na Daoile atá gar don taobh thuaidh de Loch Con. Tógadh an caisleán taobh le habhainn na Daoile.

Tar éis don Choirnéal Thomas Bourke troid ar thaobh Rí Séamas II & VII i gCogaí an Dá Rí, forghéilleadh suíomh an chaisleáin agus tugadh é do theaghlach Gore, Iarlaí Árann, ina dhiaidh sin, agus bhaist siad Caisleán Gore air.[1] Cuireadh sciathán mór leis an túrtheach san 18ú haois.

Tugadh an caisleán, mar aon le tailte eile, ar léas do James Cuff, Tiarna Thír Amhlaidh, i dtreo dheireadh an 18ú haois. Chónaigh maor mhuintir Chuff sa chaisleán ar feadh cuid den 19ú haois. Thóg James Cuff teach in aice leis an seanchaisleán sa bhliain 1791. Tugadh Caisleán Gore ar an teach mór seo freisin. Dhóigh an tIRA an teach seo in 1922 agus níor atógadh é.[2]

Tá an seanchaisleán, a bhí fós slán den chuid is mó ag tús an 20ú haois, ina fhothrach anois.[3]

Tuilleadh léitheoireachta

cuir in eagar
  • Bence-Jones (1978). "Burke's Guide to Country Houses. Volume 1: Ireland". London: Burke's Peerage. 
  • Bence-Jones (1988). "A Guide To Irish Country Houses. Revised Ed.". London: Constable. 
  1. Castle Gore”. Landed Estate Database. NUI Galway. Dáta rochtana: 15 January 2021.
  2. Deel Castle”. Landed Estate Database. NUI Galway. Dáta rochtana: 15 January 2021.
  3. Deel Castle History”. crossmolina.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 15 June 2006.