Cathair in iarthar New Jersey is ea Camden. Príomhbhaile Chontae Camden atá ann. Tá Camden suite trasna Abhainn an Delaware ó Philadelphia. D'fhás an chathair mar fhobhaile de Philadelphia agus mar shuíomh tionsclaíochta san 19ú haois. Sa bhliain 2010, bhí 77,344 duine ina gcónaí ann, i gcomparáid le 124,555 sa bhliain 1950. Sa bhliain 2012 bhí an ráta coireachta foiréigní is airde sna Stáit Aontaithe ag Camden—2,566 coir fhoiréigneach i gcoinne gach 100,000 duine an ráta a bhí ann, i gcomparáid le 360 ar 100,000 sa tír ar fad.[1]

Teach Walt Whitman in Camden

TagairtíCuir in Eagar

Naisc sheachtrachaCuir in Eagar

  • [1] Suíomh rialtas na cathrach, arna rochtain ar 8 Eanáir 2015