Caol le Caol agus Leathan le Leathan (riail litrithe)

Is éard is Caol le Caol agus Leathan le Leathan ann ná riail litrithe Gaeilge maidir le litriú focal. De réir na rialach is gá go mbeadh gutaí leathana nó caola ar an dá thaobh de chonsain in aon fhocal. Is gutaí leathana iad 'a' agus 'o' agus 'u' agus is gutaí caola 'i' agus 'e'. Mar shampla an focal 'cailín' níorbh fheidir a litriú mar 'calín' mar nach mbeadh 'a' agus 'i' ag freagairt dá chéile. Tá eisceachtaí áirithe ann.

Féach Freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar