Focail Ghaeilge nach leanann Caol le Caol agus Leathan le Leathan

Is éard is Focail Ghaeilge nach leanann Caol le Caol agus Leathan le Leathan ann ná focail nach leanann an riail litrithe Gaeilge Caol le Caol agus Leathan le Leathan (riail litrithe). De réir na rialach is gá go mbeadh gutaí leathana nó caola ar an dá thaobh de chonsain in aon fhocal. Is gutaí leathana iad 'a' agus 'o' agus 'u' agus is gutaí caola 'i' agus 'e'. Mar shampla an focal 'cailín' níorbh fheidir a litriú mar 'calín' mar nach mbeadh 'a' agus 'i' ag freagairt dá chéile. Is eisceachtaí iad na focail seo.

Dobhriathra cuir in eagar

  • arís
  • ansin
  • anseo
  • ansiúd
  • aneas
  • aniar
  • aníos

ae cuir in eagar

Is défhoghar leathan é 'ae', sa fhocal Gaeltacht mar shampla. Ba Gaedhealtacht a bhí ann ó cheart.

  • traein
  • aenna
  • traenacha
  • draenacha
  • aerach
  • laethanta
  • Gaelach
  • aeróg
  • Caesar

Comhfhocail cuir in eagar

Leanann na focail féin an riail ach sáríonn í agus an comhfhocal cruthaithe

  • aerphost = aer + post
  • aerfort = aer + phort
  • mórshiúl = mór + siúl
  • neamhbheo = neamh + beo
  • dlúthdhiosca = dlúth + diosca
  • lámhleabhar
  • défhoghar
  • planditeach
  • cráinghuail

Forainmneacha réamhfhoclacha cuir in eagar

Giorrúcháin a bhí iontu seo i dtosach.

  • ina
  • lena

Focail eile cuir in eagar

  • cocstí
  • dhera
  • ospidéal
  • ospís
  • teachín
  • lachín
  • drúchtín

Toisc go gcuirtear an foirceann '-ín' le focail uaireanta is deacair an riail a chur i bhfeidhm gan cur as do cháilíocht na ngutaí roimhe.

Tagairtí cuir in eagar