Ar an 27 Lúnasa 1776, troideadh Cath an Oileáin Fhada (nó Cath Bhrooklyn uaireanta) le linn Chogadh Saoirse Mheiriceá i mBrooklyn, an cath ba mhó sa Chogadh iomlán. Bhí an tArm Ilchríochach suite i nDroim Gowanus in iarthuaisceart Bhrooklyn, agus an bealach go Manhattan á chosaint acu. Briseadh ar na Meiriceánaigh sa chath fuilteach. Bhí na fórsaí ríoga, idir Bhriotanaigh agus Heiseánaigh, dhá oiread níos mó (20,000) ná na Meiriceánaigh (10,000).

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtCath an Oileáin Fhada
Íomhá
Map
 40°39′54″N 73°58′52″W / 40.665°N 73.981°W / 40.665; -73.981
Cineálcath Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deCogadh Réabhlóideach Mheiriceá Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana27 Lúnasa 1776 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhBrooklyn, New York Cuir in eagar ar Wikidata
TírStáit Aontaithe Mheiriceá Cuir in eagar ar Wikidata
Rannpháirtí
le Alonzo Chappel, 1858

Bhí amhras ar chumas an Ghinearáil George Washington ina dhiaidh seo. Ach d’éirigh leis go seoigh an t-arm Meiriceánach a choimeád le chéile; ar an 29/30 Lúnasa, chúlaigh siad siar chuig Manhattan.

Tharla an rud a b’uafásaí sa chogadh mar gheall ar an chath seo, áfach, mar chuir na Sasanaigh roinnt mílte príosúnach Meiriceánach i seanlonga lofa i mBá Wallabout sa chuan amach ó Bhrooklyn. Fuair níos mó Meiriceánach bás ón drochíde a bhfuair siad ansin ná mar a cailleadh i ngach cath eile sa chogadh curtha in éindí.

ag cúlú as éadan

D’fhan Brooklyn faoi riail na Briotanaigh go deireadh an chogaidh. Bhí an geilleagar agus an saol sóisialta in aimhréidh áirithe go dtí sin agus go ceann tamaill ina dhiaidh.

Tagairtí cuir in eagar