Caithfidh daoine ceadúnas teilifíse a cheannach i dtíortha áirithe chun breathnú ar an teilifís.

Póstaer san Astráil sna 1950idí

In Éirínn cuir in eagar

€160 a chosnaíonn ceadúnas teilifíse in Éirinn. Tá ceanglas ar An Post de réir dlí maidir le seirbhísí a bhaineann le ceadúnais theilifíse a sholáthar thar ceann an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán.

San Acht Craolacháin 2009[1] agus i ndlíthe eile a leagtar amach an reachtaíocht maidir le Ceadúnais Theilifíse.[2] "Ciallaíonn “gléas teilifíse” aon ghaireas leictreonach a fhéadfaidh seirbhísí craolacháin teilifíse a ghlacadh agus a thaispeáint a chraoltar lena nglacadh go coitianta". Ach is féidir breathnú saor in aisce ar RTÉ Replay etc le ríomhaire agus ní gá ceadúnas a cheannach (tá gá le ceadúnas sa R-A sa chás seo).[3]

Conspóidí cuir in eagar

Bhí molta ag Fianna Fáil in 2019 go gcoinneofaí cuid den cheadúnas teilifíse siar ó RTÉ i bhfianaise chinneadh an Choimisinéara Teanga go bhfuil an craoltóir ag sárú an dlí chraolacháin i leith na Gaeilge.[4] In 2023/2024 bhris scannal íocaíochta RTÉ amach.

Léasú cuir in eagar

Bhunaigh an Rialtas i mí Mheán Fómhair 2020 Coimisiún um Thodhchaí na Meán. D'fhoilsigh an Coimisiún tuarascáil "Todchaí Choimsiún na Meán" sa bhliain 2022. Moladh sa tuarascáil go gcuirfí maoiniú státchiste ar fáil in áit an cheadúnais atá ann faoi láthair.

Ach dúirt an Rialtas ag an am go coimeádfadh sé an ceadúnas chun ceangal díreach idir na meáin agus an pobal ar a fhreastalaíonn siad a choimeád.[5] Shocraigh an Rialtas go gcoimeádfar an ceadúnas teilifíse ach go ndéanfar "athchóiriú" air. Níor tharla faic agus bhris scannal íocaíochta RTÉ amach in 2023/2024.

I mí Feabhra 2024, dúirt Mary Lou McDonaldí go raibh daoine ag vótáil lena gcosa gan an ceadúnas teilifíse a íoc agus d'iarr arís go gcuirfí deireadh leis go hiomlán.[6]

Sa Ríocht Aontaithe cuir in eagar

Tá costas £159 (€184) ar cheadúnas teilifíse sa R-A.[7][8] In 2015 bhí diúltaithe ag tuairim is 50 ball de Cymdeithas yr Iaith Gymraeg an táille sin a íoc.[9] Bhí lucht an fheachtais ag éileamh go gcraolfaí níos mó ábhar Breatnaise.

Féach freisin cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar

  • Acht Craolacháin 2009 (Éire)
  • Is féidir tuilleadh eolais faoin dlí a bhaineann le Ceadúnais Theilifíse a fháil ach gliogáil ar an nasc seo.

Tagairtí cuir in eagar

  1. oireachtas.ie (2009). "Acht Craolacháin 2009". Dáta rochtana: 2024.
  2. "Legislation". www.tvlicence.ie. Dáta rochtana: 2024-02-17.
  3. Anita McSorley (2023-01-26). "People who don't need to pay Ireland's TV licence fee and may not even realise" (en). Irish Mirror. Dáta rochtana: 2024-02-18.
  4. "Ba chóir cuid den cheadúnas teilifíse a choinneáil ó RTÉ de bharr ‘scannal’ na heaspa clár Gaeilge – Fianna Fáil" (ga-IE). Tuairisc.ie (2019-04-04). Dáta rochtana: 2024-02-18.
  5. Nuacht RTÉ (2022-07-12). "An táille ar cheadúnas teilifíse le fanacht mar atá - an Rialtas" (as ga-IE). 
  6. Conradh na Gaeilge, Londain (24 Feabhra 2024). "‎Nuacht Mhall: (Baile Átha Cliath) on Apple Podcasts" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2024-03-15.
  7. "TV Licence - GOV.UK" (en). www.gov.uk. Dáta rochtana: 2024-02-18.
  8. tvlicensing.co.uk (2024). "TV Licence". www.tvlicensing.co.uk. Dáta rochtana: 2024-02-18.
  9. "Baol príosúin do 50 gníomhaí Breatnaise nach bhfuil sásta ceadúnas teilifíse a íoc" (ga-IE). Tuairisc.ie (2017-05-22). Dáta rochtana: 2024-02-18.