Bhí an chéad leasú ar dhlíthe cearrbhachais sa Stát le 90 bliain - an Bille um Rialáil Cearrbhachais - faoi bhráid Thithe an Oireachtais sa bhliain 2024.[1] 'Sé meaisíní sliotáin an cineál cearrbhachais is coitianta in Éirinn, chomh maith le scríob chártaí, geallta ar rásaí capall, geallta i measc cairde, bingó agus crannchuir.

Na geallghlacadóirí, Sligeach
Smokies, An Ómaigh
The Betting Lounge, Bealach Féich

Cé go dtarraingítear athchóiriú tábhachtach sa réimse anuas le fada an lá, is é an tAcht um Chearrbhachas agus Crannchuir, 1956[2] an reachtaíocht a rialaíonn an cheist fós, maidir le go leor foirmeacha cearrbhachais, cosúil leis an bpócar, cluichí casaíne agus biongó.[3]

Ní féidir ticéad Lató a cheannach nó geall a chur in Éirinn roimh 18 mbliana d’aois. Faoin Acht um Chearrbhachas 1931, is cion é do leanaí a bheith i siopa geallghlacadóra ar bith. Mar sin féin, faoin Acht um Chearrbhachas agus Crannchuir 1956 féadfar a bheith i mbun cearrbhachais i halla siamsaíochta nó ag aonach siamsaíochta ag 16 bliana d’aois.

Deir an Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta (ITES), tá fadhb chearrbhachais ag aon duine amháin as 28 in Éirinn.[4][5] Léiríonn an taighde go bhfuil andúil cearrbhachais go cinnte ag 4% de dhaoine agus rian den fhadhb ag 25% dóibh. Tuigtear gur ionann fadhb chearrbhachais agus tionchar chomh díobhálach agus docharach a bheith ag cearrbhachas ar shaol duine is go dtéann sé i gcionn ar a gcuid airgid, a sláinte agus a saol sóisialta. chaith daoine €30.62 ar an meán sa tseachtain le cearrbhachas.[1]

De réir an ITES, tá ceangal láidir idir taithí daoine nuair a bhí siad ina bpáistí agus fadhbanna cearrbhachais níos déanaí ina saol. Tá dhá oiread seans ann go mbeidh fadhb chearrbhachais ag daoine in Éirinn a bhí i mbun cearrbhachais de chineál éigin ina bpáistí is atá ag an té nach raibh aon plé díreach aige lena leithéid ina óige. Tá beagnach a dhá oiread dóchúlachta ann go mbeidh fadhb chearrbhachais ag duine a mbíodh tuismitheoir leis i mbun dian chearrbhachais nuair a bhí sé ina pháiste. Thosaigh dhá dtrian de na daoine ar an gcearrbhachas sular bhain siad 18 mbliana d'aois amach.

Níl aon ar pháistí in Éirinn bheith i mbun cearrbhachais, ná dul isteach in ionaid, aipeanna, ná suíomhanna idirlín cearrbhachais agus beartais chun aois daoine a fhíorú ar ardáin chearrbhachais, mar roghanna chun an baol cearrbhachais a laghdú.[1]

Údarás Rialála Cearrbhachais na hÉireann

cuir in eagar

Tiocfaidh an URCE i bhfeidhm sna 2020idí, b'fhéidir.[6][7]

Féach freisin

cuir in eagar
  1. 1.0 1.1 1.2 Nuacht RTÉ (2024-06-19). "Páistí a chuir geallta ina n-óige i mbaol andúil cearrbhachais" (as ga-IE). 
  2. Tithe an Oireachtais (1955-03-31). "An tAcht um Chearrbhachas agus Crannchuir, 1956 – Uimh. 2 de 1956 – Tithe an Oireachtais" (ga). www.oireachtas.ie. Dáta rochtana: 2024-06-19.
  3. Scoil Dlí, COBÁC. "An tAcht um Chearrbhachas agus Crannchuir, 1956". www.facebook.com. Dáta rochtana: 2024-06-19.
  4. "ESRI estimates 1-in-30 adults in Ireland now suffers from problem gambling | ESRI" (en). www.esri.ie (2023-10-05). Dáta rochtana: 2024-06-19.
  5. Diarmaid Ó Ceallaigh, Shane Timmons, Deirdre Robertson, Pete Lunn (2023-10-05). "Measures of problem gambling, gambling behaviours and perceptions of gambling in Ireland" (as en). 
  6. Béárla: Gambling Regulatory Authority of Ireland
  7. Citizensinformation.ie. "Údarás Rialála Cearrbhachais na hÉireann" (ga). www.citizensinformation.ie. Dáta rochtana: 2024-06-19.