An Ómaigh

baile i gContae Thír Eoghain

an Ómaigh[1] ar an bpríomhbhaile agus ar an mbaile is mó i gContae Thír Eoghain, i gCúige Uladh. Bhí 22,182 duine ina gcónaí ann sa bhliain 2008.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilAn Ómaigh

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 54°35′N 7°17′W / 54.59°N 7.29°W / 54.59; -7.29
Stát ceannasachan Ríocht Aontaithe
Comhthír na Ríochta AontaitheTuaisceart Éireann
Contae i dTuaisceart na hÉireannContae Thír Eoghain Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhchathair de
Tíreolaíocht
Airde65 m Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Glaochód028 Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Logainm.ie1166552
Suíomh gréasáinomagh.gov.uk Cuir in eagar ar Wikidata

Tá an baile suite idir na haibhneacha Dhroim Rátha agus Camabhann.

Stair cuir in eagar

Bunaíodh an Ómaigh mar bhaile sa bhliain 1610. Bhí sé mar thearmann do dhaoine ó oirthear Chontae Thír Eoghain i rith na hÉirí Amach sa bhliain 1641.

 
Abhainn

Sa bhliain 1689, bliain Chatha na Bóinne, tháinig Séamas II go dtí an Ómaigh, ar an mbealach chun Doire. Is iad lucht tacaíochta Liam III, Prionsa Oráiste, a dhóigh an baile ina dhiaidh sin.

 
Sléacht na hÓmaí, lá cuimhneacháin 2008

Sa bhliain 1768, is é an Ómaigh a bhí mar baile do Chontae Thír Eoghain in ionad Dún Geanainn.

Sa bhliain 1852, bhí na daoine in ann taisteal go Doire agus Inis Ceithleann ar an iarnród.

20ú haois cuir in eagar

 
Cuimhneachán

I mí Lúnasa 1998, mharaigh buama de chuid an Fhíor-IRA 31 sibhialtach san Ómaigh, beirt leanbh gan saolú ina measc, agus gortaíodh 220[2].

Ba í seo an bhuamáil ba mheasa riamh ó thús na dTrioblóidí. Is iomaí náisiúnaí Éireannach a ghlac col leis na heasaontóirí Poblachtánacha i ndiaidh an bhuama seo.

Daoine cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar