Buamáil na hÓmaí (1998)

Tharla Buamáil na hÓmaíSléacht na hÓmaí ar an 15 Lúnasa 1998 nuair a phléasc buama i gcarr san Ómaigh, buama de chuid an 'Fhíor-IRA'.[2] Maraíodh 31 (beirt leanbh gan saolú ina measc); gortaíodh dhá chéad agus scriosadh an baile.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtBuamáil na hÓmaí
Íomhá
Map
 54°36′01″N 7°17′56″W / 54.6003°N 7.2989°W / 54.6003; -7.2989
Cineálcarrbhuamáil Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deNa Trioblóidí Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana15 Lúnasa 1998 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhAn Ómaigh, Northern Ireland Cuir in eagar ar Wikidata
Tíran Ríocht Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata
Rannpháirtí
Líon básanna29 Cuir in eagar ar Wikidata
Líon gortaithe220 Cuir in eagar ar Wikidata
Armbuama ghluaisteáin Cuir in eagar ar Wikidata
Cuimhneachán[1] 'Garden of Light', Drumragh Avenue
Market Street

B'é seo an buama ba mheasa ó thús na dTrioblóidí i dTuaisceart Éireann (maraíodh triúr daoine déag is fiche sna Buamálacha Bhaile Átha Cliath agus Mhuineacháin sa bhliain 1974).

An 'Fíor-IRA' a bhí freagrach as an ionsaí ach níor ciontaíodh éinne. Is iomaí náisiúnaí Éireannach a ghlac col leis na heasaontóirí Poblachtánacha i ndiaidh an bhuama seo.

Cúlra cuir in eagar

Síníodh Comhaontú Aoine an Chéasta ar an 10 Aibreán 1998. Bhí Poblachtánaigh áirithe thar a bheith míshásta leis. Gan dabht theastaigh ón bhFíor IRA an tsíocháin a scrios ach d’aontaigh na polaiteoirí nach ngéillfí dóibh,[3] ceithre mhí i ndiaidh Chomhaontú Aoine an Chéasta.

 
croí tríthoiseach

Imeachtaí cuir in eagar

Ba i gceantar Thuaisceart Lú/Deisceart Ard Mhacha a rinneadh buama na hÓmaí, agus b’as an gceantar sin an fhoireann buamála.

Chuir fear glaoch guthán ar bhleachtairí ar an Ómaigh ar an 4 Lúnasa.[2] Mhair an comhrá deich mbomaite. Dúirt an fear go raibh an IRA Leanúnach le hionsaí a dhéanamh ar an phéas ar an Ómaigh.

Ar lá an bhuama féin, de réir eolais a tugadh ag an Choiste Cróinéara, ní raibh péas ar bith ar dualgas i lár an bhaile ar an Ómaigh thart ar an am gur tugadh an buama isteach. Bhí dhá phatról caranna amuigh. Nuair a tháinig an rabhadh faoin bhuama, bhí dream amháin ag fiosrú eachtra in eastát tithíochta ar an taobh ó thuaidh den bhaile agus an ceann eile ag fiosrú eachtra faoin tuath.

Bhí an baile plódaithe le siopadóirí, cuairteoirí agus teaghlaigh idir shean agus óg ar an Satharn breá samhraidh sin nuair a phléasc an gaireas 500 punt ag deich nóiméad tar éis a trí. Bhí dhá leanbh, seachtar páistí scoile, seisear mac léinn, trí ghlúin d’aon chlann amháin, oibrithe sna siopaí, fir agus mná, Spáinnigh, daoine ón bPoblacht agus muintir Thír Eoghain go háirithe, i measc na marbh.[3]

Na híospartaigh cuir in eagar

De réir mar a chuaigh an t-am thart, fógraíodh ainmneacha na marbh. Cúpla lá níos déanaí, reáchtáladh thrí thórramh san aon lá amháin: san Eaglais Chaitliceach, in Eaglais na hÉireann agus san Eaglais Mhodhach.[4]

Ba mhná iad 17 den 29 duine a maraíodh, bean a bhí ag súil le cúpla ina measc. Bhí Caitlicigh agus Protastúnaigh ina measc. Daoine ó áiteanna éagsúla ina measc, triúr buachaillí óga as Bun Cranncha, beirt as an Spáinn, daoine gur trí thimpiste a tharla ar an bhaile iad.[2][5]

Dúnmharaíodh Maura Monaghan (1), Breda Devine (1), Oran Doherty (8), James Barker (12), Fernando Blasco Baselga (12), Sean McLaughlin (12), Lorraine Wilson (15), Alan Radford (16), Brenda Logue (17), Jolene Marlow (17), Samantha McFarland (17), Gareth Conway (18), Deborah-Anne Cartwright (20), Julia Hughes (21), Adian Gallagher (21), Rocío Abad Ramos (23), Bryan White (27), Avril Monaghan (30) agus a cúpla sa bhroinn, Esther Gibson (36), Philomena Skelton (39), Geraldine Breslin (43), Ann McCombe (48), Brian McCrory (54), Veda Short (56), Elizabeth Rush (57), Olive Hawkes (60), Frederick White (60), Mary Grimes (66), agus Sean McGrath (61).[6]

Cóir cuir in eagar

Ní raibh duine ar bith ciontaithe as an mbuamáil agus ní bhfuair gaolta na ndaoine a maraíodh i sléacht na hÓmaí ceart sna cúirteanna.[3]

Cé gur fritheadh Colm Murphy ciontach in 2002, cuireadh an breithiúnas sin ar neamhní sa bhliain 2005 mar gur athraigh Gardaí ráiteas dá chuid.

In 2003 gearradh príosúnacht ar Michael McKevitt, ceannaire an Fíor IRA ag an am, as 'stiúir sceimhlitheoireachta' – coir nua a tugadh isteach de bharr uafás na hÓmaí.[7] Chuir sé téarma príosúin '20 bliain' isteach. Níor éirigh le héileamh McKevitt sa bhliain 2014 go scaoilfí as an bpríosún é.[8][9] Ach scaoileadh as an bpríosún é sa bhliain 2016.

Theip ar chás in aghaidh Sean Hoey sa bhliain 2006/2007.

Sa bhliain 2016, tarraingíodh siar na cúisimh in aghaidh Seamus Daly mar nach raibh an fhianaise ina choinne iontaofa.[3]

Cás sibhialta cuir in eagar

D’éirigh le cás sibhialta sa bhliain 2009 (tá fianaise níos láidre riachtanach i gcás coiriúil). Bhí an cás in aghaidh Seamus Daly, Colm Murphy, Liam Campbell agus Michael McKevitt, ceannaire an Fíor IRA.[10] Ordaíodh cúiteamh £1.6 milliún do na teaghlaigh ón gceathrar ach níor íocadh é. Céim as an gcoitiantacht ab ea an cás seo, ach níor réitigh sé an t-éileamh ar an gceart.[7][11]

Conspóidi cuir in eagar

Airíonn na teaghlaigh na ndaoine a maraíodh gur lig an RUC, an PSNI, na Gardaí agus na seirbhísí faisnéise síos iad.[3]

Roimh an 15 Lúnasa cuir in eagar

Chinn Ombudsman na bPóilíní, Nuala O’Loan, i 2001 go raibh fiosrú an RUC easnamhach. Cuireadh glaoch fóin ar an mBrainse Speisialta an RUC ar an Ómaigh ar an 4 Lúnasa. Dúradh sa ghlaoch sin go raibh an IRA Leanúnach le hionsaí a dhéanamh ar an bhaile ar an 15 Lúnasa. Ar an 12 Lúnasa, thug an brathadóir Peter Keely le fios dá chuid láimhseálaithe go raibh an Fíor-IRA ag déanamh buama fá thuaisceart chontae Lú. Bhí an buama le cur ó thuaidh.[2]

Sa gcomhad a chonaic an tOmbudsman bhí nóta faoin rabhadh ag rá “ní bhaineann leis an Ómaigh”. Thairis sin níor insíodh don RUC san Ómaigh faoin bhfoláireamh. Anuas air sin chinn Nuala O’Loan nár roinneadh faisnéis leis na bleachtairí a bhí ag fiosrú an ionsaithe ina dhiaidh.[7]

Ar an lá cuir in eagar

Ní raibh péas ar bith ar dualgas i lár an bhaile nuair a phléasc an buama. Bhí dhá phatról amuigh: ceann faoin dtuath, ceann eile ar an taobh ó thuaidh den bhaile.Ba ghnách le haonad, ina raibh 25 péas, a bheith ar patról faoi éide i gcarranna sibhialta fán cheantar. Ar an 15 Lúnasa bhí 15 acu as láthair. Bhí an deichniúr eile le cur chuig paráid ar an Chill Chaoil ar an Dún.

D’uireasa péas i lár an bhaile, bhí rudaí trína chéile nuair a cuireadh trí rabhadh ar an fhón, chuig na Samaritans agus chuig UTV. Bhí an tríú ceann beacht go maith.[2]

Níos déanaí cuir in eagar

D’aithin athbhreithniú de chuid na bpóilíní iad féin in 2000 go raibh an fiosrú easnamhach agus go raibh gá le breis acmhainní ach níor deineadh tada faoi go ceann deich mí eile.[7] Tá ceisteanna ann nach bhfuil freagra fós orthu faoin eolas a bhí ag na fórsaí slándála roimh ré, agus faoin dóigh gur fhiosraigh siad an scéal.

Fiosrúcháin cuir in eagar

2021 cuir in eagar

Sa bhliain 2021, bhí sé tugtha le fios ag breitheamh Ardchúirte i mBéal Feirste gur róchosúil go bhféadfadh na seirbhísí slándála ionsaí buamála na hÓmaí i 1998 a chosc dá ngníomhóidís mar ba cheart roimh ré.[12] Mhol an Breitheamh Horner do Rialtas na Breataine fiosrúchán cearta daonna a bhunú faoi conas mar a tharla an t-uafás.

2023 cuir in eagar

Bhí fiosrúchán neamhspleách bunaithe ag Rialtas na Breataine.sa bhliain 2023.[13]

Tagairtí cuir in eagar

  1. omaghbombmemorial.com. "Cuimhneachán". www.omaghbombmemorial.com. Dáta rochtana: 2021-07-25.
  2. 2.0 2.1 2.2 2.3 2.4 Anton Mac Cába (2018). "SLÉACHT NA hÓMAÍ 1998-2018: Ceisteanna go leor fós gan aon fhreagra orthu…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-07-24.
  3. 3.0 3.1 3.2 3.3 3.4 Póilín Ní Chiaráin (2016). "Is baolach nach bhfuil i ndán do mhuintir na hÓmaí ach cliseadh agus díomá" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-01-02.
  4. Anton Mac Cába (15 Lúnasa 2023). "‘Mairfidh an boladh go deo i mo chuimhne’ -Buama na hÓmaí, 25 bliain ó shin" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-08-15.
  5. Nuacht RTÉ (2023-08-15). "Rialtas le comhoibriú le fiosrúchán faoi bhuamáil na hÓmaí" (as ga-IE). 
  6. "CAIN: Sutton Index of Deaths". cain.ulster.ac.uk. Dáta rochtana: 2023-08-15.
  7. 7.0 7.1 7.2 7.3 Póilín Ní Chiaráin (2017). "An bhfuil seans ar bith ag muintir na hÓmaí ar an bhfírinne?" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-01-02.
  8. D’éiligh McKevitt go raibh sé i dteideal go scaoilfí saor luath ón bpríosún é mar gur ghlac sé páirt i ranganna éagsúla agus é ann, ina measc ranganna drámaíochta, ióga, Fraincise, ríomhaireachta agus rinne sé cúrsa maidir le scríbhneoireacht chruthaitheach leis an Ollscoil Oscailte freisin.
  9. Nuacht RTÉ (2014-12-09). "Theip ar iarratas Michael McKevitt san Ard-Chúirt inniu" (as ga). 
  10. Nuacht RTÉ (2008-04-07). "Cinnlínte Nuachta" (as ga). 
  11. Nuacht RTÉ (2016-09-29). "Cás faoi bhuamáil na hÓmaí caite amach ag Cúirt Eorpach" (as ga). 
  12. Nuacht RTÉ (2021-07-23). "Fiosrúcháin chearta daonna faoi bhuamáil na hÓmaí molta" (as ga). 
  13. Nuacht RTÉ (2023-02-02). "Fiosrúchán neamhspleách faoi bhuamáil na hÓmaí le bunú" (as ga-IE).