Cecilia Muñoz-Palma
Dlí-eolaí agus breitheamh ab ea Cecilia Muñoz-Palma (22 Samhain 1913 – 2 Eanáir 2006) agus an chéad bhean a cheapadh ar Chúirt Uachtarach na nOileán Filipíneach, sa bhliain 1973.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 22 Samhain 1913 Bauan, Na hOileáin Fhilipíneacha |
Bás | 2 Eanáir 2006 92 bliana d'aois Manila, Na hOileáin Fhilipíneacha |
Associate Justice of the Supreme Court of the Philippines (en) | |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil na nOileán Filipíneach Centro Escolar University (en) St. Scholastica's College (en) |
Gníomhaíocht | |
Gairm | breitheamh, dlíodóir |
Ball de pháirtí polaitíochta | United Nationalist Democratic Organization (en) |
Saol
cuir in eagarRugadh Cecilia Muñoz-Palma i mBauan, Batangas, ar 22 Samhain 1913.
Céimí de chuid Choláiste Dlí Ollscoil na nOileán Filipíneach agus de chuid Scoil Dlí Yale, chuaigh Muñoz-Palma leis an mBarra sa bhliain 1937. Rinneadh ionchúisitheoir di sa bhliain 1947.[1]
Ba í an chéad bhean a cheapadh ina breitheamh den chúirt dúiche sa bhliain 1954 agus ina breitheamh den Chúirt Achomhairc sa bhliain 1968.
Cé gurbh é An tUachtarán Marcos a cheap ar an gCúirt Uachtarach í, bhain Muñoz-Palma cáil amach de bharr na ráiteas easaontach a thug sí, a bhí fíorcháinteach faoin réimeas dlí mhíleata.[1]
Tar éis di éirí as mar bhreitheamh sa bhliain 1978, tháinig sí chun cinn mar dhuine de na ceannairí ar an bhfreasúra i gcoinne Marcos. Tar éis dó titim sa bhliain 1986, cheap Corazón "Cory" Aquino í ar an gcoimisiún um bhunreacht nua a dhréachtáil. Toghadh Muñoz-Palma ina cathaoirleach ar an gcoimisiún ina dhiaidh sin.[1]
Thacaigh Muñoz-Palma le Joseph Estrada, a bhí ina Uachtarán ar na hOileáin Fhilipíneacha ó 1998 go 2001 agus rinne Muñoz-Palma géarcháineadh ar an mbealach ar cuireadh iallach air éirí as oifig.[1]
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ 1.0 1.1 1.2 1.3 Scoil Dlí, COBÁC (2018). "Cecilia Muñoz-Palma". Dáta rochtana: 2022.