Cecilia Muñoz-Palma (dlí-eolaí, 1913-2006)

breitheamh Filipíneach

Dlí-eolaí agus breitheamh ab ea Cecilia Muñoz-Palma (22 Samhain 19132 Eanáir 2006) agus an chéad bhean a cheapadh ar Chúirt Uachtarach na nOileán Filipíneach, sa bhliain 1973.

Infotaula de personaCecilia Muñoz-Palma

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith22 Samhain 1913
Bauan, Na hOileáin Fhilipíneacha Cuir in eagar ar Wikidata
Bás2 Eanáir 2006
92 bliana d'aois
Manila, Na hOileáin Fhilipíneacha Cuir in eagar ar Wikidata
Associate Justice of the Supreme Court of the Philippines (en) Aistrigh
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síUniversity of the Philippines (en) Aistrigh
Centro Escolar University (en) Aistrigh
St. Scholastica's College (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmbreitheamh, dlíodóir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaUnited Nationalist Democratic Organization (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata

Saol cuir in eagar

Rugadh Cecilia Muñoz-Palma i mBauan, Batangas, ar 22 Samhain 1913.

Céimí de chuid Choláiste Dlí Ollscoil na nOileán Filipíneach agus de chuid Scoil Dlí Yale, chuaigh Muñoz-Palma leis an mBarra sa bhliain 1937. Rinneadh ionchúisitheoir di sa bhliain 1947.[1]

Ba í an chéad bhean a cheapadh ina breitheamh den chúirt dúiche sa bhliain 1954 agus ina breitheamh den Chúirt Achomhairc sa bhliain 1968.

Cé gurbh é An tUachtarán Marcos a cheap ar an gCúirt Uachtarach í, bhain Muñoz-Palma cáil amach de bharr na ráiteas easaontach a thug sí, a bhí fíorcháinteach faoin réimeas dlí mhíleata.[1]

Tar éis di éirí as mar bhreitheamh sa bhliain 1978, tháinig sí chun cinn mar dhuine de na ceannairí ar an bhfreasúra i gcoinne Marcos. Tar éis dó titim sa bhliain 1986, cheap Corazón "Cory" Aquino í ar an gcoimisiún um bhunreacht nua a dhréachtáil. Toghadh Muñoz-Palma ina cathaoirleach ar an gcoimisiún ina dhiaidh sin.[1]

Thacaigh Muñoz-Palma le Joseph Estrada, a bhí ina Uachtarán ar na hOileáin Fhilipíneacha ó 1998 go 2001 agus rinne Muñoz-Palma géarcháineadh ar an mbealach ar cuireadh iallach air éirí as oifig.[1]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 Scoil Dlí, COBÁC (2018). "Cecilia Muñoz-Palma". Dáta rochtana: 2022.