Tá clú agus cáil ar Éirinn ar fud an domhain as a cultúr ceoil láidir, go háirithe do cheol traidisiúnta na hÉireann. Uirlis cheoil, an chláirseach, is ea feathal náisiúnta na hÉireann. Mhéadaigh bannaí cosúil le The Chieftains, na deartháireacha Clancy agus na Dubliners cáil an cheoil níos mó fós, agus chuir ealaíontóirí ar nós Enya agus Clannad casadh nua-aimseartha ar an stíl chlasaiceach thraidisiúnta. Le chéile, cothaíonn na stíleanna hibrideacha ceoil seo traidisiún beo ceoil in Éirinn, rud a chruthaíonn fuaim atá uathúil Éireannach. Thairg Éire freisin ceol comhaimseartha atá thar a bheith rathúil agus ard-phróifíle (smaoinigh ar U2, Westlife, The Script). Agus tá an ceol beo bríomhar le cloisteáil ar fud na tíre.

Trad musicTá ceol traidisiúnta na hÉireann á úsáid mar fhoirm scéalaíochta leis na céadta bliain le teaghráin, píopaí agus drumaí mingling ag meascadh le chéile le fuaim bheo bríomhar a chruthú, uaireanta beoga, uaireanta brónach agus dúlionnach. Áirítear ar an seánra amhráin gan tionlacan (ar a dtugtar an sean nós) agus amhráin a chantar le héagsúlacht ionstraimí lena n-áirítear fidil, cairdín, feadóg stáin, píopaí agus bodhrán. Bíonn ceol uirlise in úsáid go minic freisin mar thionlacan le damhsaí traidisiúnta na hÉireann (link to Irish dance page).

Tá ceol comhaimseartha na hÉireann tar éis leathadh ar fud an domhan, agus is iomaí racbhanna agus popbhanna a bhfuil ainm in airde i gcéin is i gcóngar acu. Is é U2 an grúpa is aitheanta ach tá réimse leathan de bhannaí comhaimseartha a bhfuil cáil idirnáisiúnta orthu. Má d’éist tú leis na Cranberries, Snow Patrol, Bob Geldof, The Script, The Frames, Westlife nó Jedward, ansin d’éist tú le ceol comhaimseartha na hÉireann.

Tá ceol comhaimseartha na hÉireann éagsúil, uathúil, is minic a tharchéimníonn sé seánraí, le foinn thraidisiúnta agus amhráin a mheascadh le teicnící a fuarthas ar iasacht ó chomhdhéanamh clasaiceach comhaimseartha, popcheol traidisiúin bhéaloidis eile.

Tá saol an cheoil bríomhar neamhspleách faoi bhláth i gcathracha i mbailte na hÉireann, le hionaid mar óstaigh le grúpaí atá dochreidte éagsúil - stíleanna, thraidisiúin cheoil agus seánraí, gach oíche den tseachtain. Déanann ionaid cheoil ceoltoirí óga áitiúla a thaispeáint in éineacht le gníomhartha idirnáisiúnta. Tá bannaí óga agus ealaíontóirí ag glacadh le deiseanna le féin-fhoilsiú freisin, ar líne, agus ag baint úsáide as bealaí nuálacha eile le lucht éisteachta a fháil dá gcuid ceoil.


Is léir an tart do cheol beo in Éirinn sna féilte dea-bhunaithe is cláir éagsúla acu ar feadh na bliana. Leathnaíonn féilte ceoil na hÉireann sainmhínithe na seánraí traidisiúnta ceoil, nó meascann siad iad le healaíontóirí agus ceoltóirí ó chúlraí agus traidisiúin ceoil éagsúla. Mar shampla, tugann an fhéile Picnic Electric greann, ceol agus an amharclann le chéile i suíomh amháin gach samhradh. I measc na bhféilte ceoil a bheidh ar siúl le linn Uachtaránacht an AE beidh féile Ceoil Thraidisiúnta na hÉireann i mBarra an Teampaill, Féile Lár an tSamhraidh Chorcaí agus an Fhéile Phan Cheilteach i gCeatharlach.