Charles Lamb (péintéir)

Ealaíontóir mór le rá as Éireann ba ea Charles Lamb ((30 Lúnasa 1893 – 15 Nollaig 1964) ) a tharraing pictiúir go leor de shaol na hÉireann agus de thírdhreach agus muintir Chonamara.[1][2]

Infotaula de personaCharles Lamb
Beathaisnéis
Breith30 Lúnasa 1893
Port an Dúnáin, Northern Ireland Cuir in eagar ar Wikidata
Bás15 Nollaig 1964
71 bliana d'aois
Gníomhaíocht
Gairmpéintéir Cuir in eagar ar Wikidata
Ghlac sé/sí páirt i
1948Cluichí Oilimpeacha an tSamhraidh 1948
1932Cluichí Oilimpeacha an tSamhraidh 1932 Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
PáistePeadar Lamb Cuir in eagar ar Wikidata
Bhí Lamb ina chónaí ar an mBóthar Buí ar an gCeathrú Rua ó na tríochaidí go dtí 1964 agus baineann riar mhaith dá shaothar ealaíne le Conamara - daoine agus radharcanna ón gceantar. .[3]

Saol cuir in eagar

Ba as Port an Dúnáin Charles Lamb agus ba é an t-údar Pádraic Ó Conaire a mhol dó a aghaidh a thabhairt ar Chonamara. Tamaill níos déanaí, thit Lamb faoi dhraíocht ag Conamara agus rinne sé pictiúir dhraíochta den cheantar. Bhí Lamb ina chónaí ar an gCeathrú Rua ó na tríochaidí go dtí gur cailleadh é i 1964.[3]

Ceannródaí ab ea a bhean, Catherine Hueffer Lamb a bhí ar an gcéad bhean a cháiligh ina tréidlia – an t-aon bhean a bhí sa rang (ba é an scríbhneoir Ford Madox Ford a hathair).[1]

Mac le Charles Lamb ba ea Peadar Lamb, duine de mhóraisteoirí na hÉireann.

Saothar cuir in eagar

Díoladh sa bhliain 2017, ar €2,500, saothar le Lamb ina bhfuil radharc de chósta Chonamara – 'Coastal Landscape – Carraroe'

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 "Scéal Mary Lamb as an gCeathrú Rua le craoladh ar RTÉ anocht" (ga-IE). Tuairisc.ie (2023-10-12). Dáta rochtana: 2023-10-12.
  2. Maire Ní Chualáin ar amuigh.ie (2004). "Oidhreacht Lamb / Cartlann Ghaeltacht Chonamara," (as ga-IE). 
  3. 3.0 3.1 Rónán Mac Con Iomaire (Meitheamh 2003). "An Cheathrú Rua" (ga-IE). Beo!. Dáta rochtana: 2023-10-12.