Charlie Lennon

ceoltóir Éireannach

Fisiceoir, ríomheolaí agus ceoltóir traidisiúnta mór le rá ba ea Charlie Lennon (1938/1939 - 8 Meitheamh 2024).[1][2][3] Ba duine é a chuir go mór le forás agus le bisiúlacht an cheoil thraidisiúnta in Éirinn ón am a bhí sé ina ógfhear. Nuair nach raibh sé mar phríomhcheoltóir, bhí an-tóir air mar thionlacaí.

Infotaula de personaCharlie Lennon

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith1938
Bás8 Meitheamh 2024
85/86 bliana d'aois
Gníomhaíocht
Gairmcumadóir, fidléir, pianódóir, ceoltóir Cuir in eagar ar Wikidata

Ní gan ábhar a bhronn Comhaltas Ceoltóirí Éireann stádas mar Ard-Ollamh ar an Leannánach in 2005, ní áirím Gradam Cumadóireachta TG4 a bronnadh air an bhliain dar gcionn.[4] Is beag ceoltóir traidisiúnta in Éirinn, má tá, nach bhfuil roinnt de na foinn a chum Charlie Lennon ina stór seanma féin acu.

I gCoillte Clochair i gCo Liatroma a rugadh Charlie Lennon agus dlúthchuid dá shaol a bhí sa cheol ó chrom sé ar bpianó agus ar an bhfidil a fhoghlaim nuair a bhí sé seacht mbliana d'aois. Bhí meabhair chinn ag an mbuachaill agus faoi stiúir a mhúinteora Theresa Gilmartin bhí an barrghrád ar an bpianó bainte amach aige faoin am a bhí sé ceithre bliana déag.[2]

Bá é a dheartháir Ben a mhúin an fhidil dó agus thug sé neart ceoil leis de réir cluaise freisin, go háirithe ó cheirníní 78. Ina cheann sin, d’fhoghlaim sé an veidhlín chlasaiceach agus armóiní snagcheoil, agus bhí sé bainteach le bannaí céilí agus rince agus é fós ina dhéagóir – Banna Richard Fitzgerald agus Banna Easa Rua ina measc.

 
Saotharlann fisice, Ollscoil Learphoil

I 1960, thug Charlie aghaidh ar Ollscoil Learphoill. Fuair sé Ph.D san fhisic sa bhliain 1968. Chuaigh sé i bpáirt le Banna Céilí Learphoill nuair a bhí sé thall.

I 1966, phós sé an t-amhránaí sean-nóis Síle Ní Fhlaithearta as an Spidéal i gConamara agus d’fhill an lánúin ar Éirinn trí bliana ina dhiaidh sin. D'oibrigh sé le Aer Lingus ar dtús nuair a d'fhill sé.[5] Bhunaigh sé a chomlacht féin, CHL Software in 1986 agus bhí sé ina chonaí i mBinn Eadair le linn am ama seo.

Chuaigh sé ar scor in 1998 agus bhog sé go dtí Gaillimh.

85 bliain d'aois a bhí sé nuair a bhásaigh sé ar an 8ú Meitheamh 2024 in Ospidéal na hOllscoile, Gaillimh Maireann a bhean Síle, triúr clainne agus clann a chlainne.[1]

I measc na bhfonn is aitheanta a chum Charlie Lennon i gcaitheamh na mblianta, tá an port The Flying Wheelchair, an cornphíopa Planxty Joe Burke agus an ríl Kilty Town.[2]

Chum sé saothair mhóra do cheolfhoirne chomh maith, mar atá, The Emigrant Suite (1984), Island Wedding (1991), The Famine Suite: flight from the hungry land (1996) agus Áille na hÁille in onóir óglaigh 1916 (2011).

I 1993, foilsíodh an leabhar Musical Memories ina bhfuil nodaireacht 30 fonn a chum sé.

In 2007, eisíodh DVD ina dtugann sé cuntas ar shainteicníocht fidléireachta na hÉireann agus chuir sé Musical Memories 2 amach in 2013.

Bhí tionchar na seanfhidléirí as Sligeach Michael Coleman, James Morrison agus Paddy Killoran le brath i gcónaí ar a chuid ceoil. D’oibrigh mar thionlacaí pianó le ceoltóirí cosúil le Frankie Gavin, Joe Burke agus an cairdíneoir Johnny Óg Connolly (a rinne an t-albam Dusk till Dawn in éindí le Charlie Lennon in 2005).[2]

Féach freisin

cuir in eagar
  1. 1.0 1.1 "Death Notice of Charlie Lennon (Spiddal, Galway) | rip.ie" (en). rip.ie. Dáta rochtana: 2024-06-09.
  2. 2.0 2.1 2.2 2.3 Nuacht RTÉ (2024-06-09). "An ceoltóir traidisiúnta mór le rá Charlie Lennon tar éis bháis" (as ga-IE). 
  3. "Charlie Lennon" (en-IE). Féile Oriel 2024. Dáta rochtana: 2024-06-09.
  4. "ITMA — Charlie Lennon" (en-US). Dáta rochtana: 2024-06-09.
  5. "Fiddler on the hoof" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2024-06-09.

Naisc sheachtracha

cuir in eagar