Séamus Ó Beaglaoich

cairdíneoir

Ceoltóir, amhránaí agus feirmeoir ó Bhaile na bPoc i gCorca Dhuibhne a bhí in Séamus Ó BeaglaoichSéamus Begley (26 Lúnasa 1949 - 9 Eanáir 2023).[1]

Infotaula de personaSéamus Ó Beaglaoich
Beathaisnéis
BreithMeán Fómhair 1949
Baile na bPoc, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás9 Eanáir 2023
73 bliana d'aois
Corca Dhuibhne, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmcairdíneoir Cuir in eagar ar Wikidata

IMDB: nm12537823 Spotify: 4SHonFYupBpr7Z1snENr8w Musicbrainz: 54506853-5f86-4799-913a-2d5750beaa87 Songkick: 2096780 Discogs: 901399 Cuir in eagar ar Wikidata

Bhí sé ar dhuine de phearsana móra na Gaeltachta agus ar dhuine de mhórcheoltóirí traidisiúnta a linne. Bhí an Beaglaíoch áirithe ar dhuine de na boscadóirí ba chumasaí agus na hamhránaithe ba bhinne sa tír.[2][3][4] Dála a mhuintire roimhe, bhí sé tugtha do sheánraí éagsúla amhrán, bídís i mBéarla nó i nGaolainn.[5]

Saol cuir in eagar

Rugadh agus tógadh Séamus Ó Beaglaoich i mBaile na bPoc i gCorca Dhuibhne, duine de naonúr clainne a raibh bua an cheoil iontu go léir. Rugadh é i gceann de theaghlaigh mhóra an cheoil in Éirinn – muintir Bheaglaoich Bhaile na bPoc. Bhíodh halla rince ar an Muirígh ag muintir Bheaglaoich agus é ina chomórtas idir ógánaigh Bhaile na bPoc féachaint cé leis a thitfeadh an gradam – a bheith ag seinm ag na céilithe sa halla.[6]

Thosaigh an Beaglaíoch ag seinm ceoil in Halla na Muirí agus é 14 bliain d’aois. Ba iad leithéidí Joe Burke, Paddy O’Brien agus Finbarr Dwyer na boscadóirí ba mhó a chuaigh i bhfeidhm air agus é ag teacht chun coinlíochta.

Deireadh sé féin go mba bhreá an lá dó ag Oireachtas na bliana 1969 ach a ndúirt an moltóir Seán Óg Ó Tuama leis an mBeaglaoch óg go raibh a ghuth róbhinn don sean-nós.[5]

Thug sé tamall dá shaol ag obair in Chicago ach d’fhill sé ar an bhfód dúchais agus bhí ina fheirmeoir anseo.[7]

Le spreagadh Riobaird Mhic Góráin Ghael Linn, d'eisigh Séamus Ó Beaglaoich féin agus a dheirfiúr Máire a gcéad albam in 1973, An Ciarraíoch Mallaithe. Ní fada gur bhain fear pharóiste Mórdhach gradam amach mar cheoltóir, ní hamháin in Éirinn ach ar fud an domhain.

As a chumas diamhair ar an mbosca ceoil is mó a thuill sé aitheantas agus bhain a chleamhnas ceoil leis an ngiotáraí Steve Cooney suaitheadh maith as saol an cheoil thraidisiúnta tar éis dóibh bualadh lena chéile ar dtúis i dtábhairne an Bhreathnaigh ar an mBóthar i 1984.[5]

Chuir sé albam eile amach le Máire in 1989, Planxtaí Bhaile na bPoc.

As an gcleamhnas ceolmhar a rinneadh dó féin agus an tAstrálach Steve Cooney do tháinig Meitheal sa bhliain 1996[8] - cnuasach a bhain an anáil do phobal an cheoil de bharr an choir nua a bhaineadar as ceol traidisiúnta. Is mó duine a bhí meallta ag a n-albam Meitheal agus ag a gceolchoirmeacha spleodracha a mbíodh fiántas agus anam as an ngnáth ag baint leo. Mar “Guns N’ Roses Bhaile na bPoc” a chuir an craoltóir Ailbhe Ó Monacháin i láthair iad ar oíche oscailte TG4 i 1996.

Ina dhiaidh sin, bhí leithéidí Jim Murray agus Tim Edey mar thionlacan aige.[5] Bhuaigh a saothar Ragairne (2001),[9] in éineacht le Jim Murray, duaiseanna d’albam traidisiúnta na bliana ó Hot Press agus The Irish Times.

Feirmeoir agus scéalaí cuir in eagar

Cé gur thug a chuid ceoil ar fud an domhain é, do lean Ó Beaglaoich leis an bhfeirmeoireacht i mBaile na bPoc agus bhí ardaithne ag feirmeoirí na dúthaí air agus é ag obair mar chonraitheoir sadhlais.[5] Bhí sé de cháil ar Shéamus go n-éiríodh leis dul go croí an amhráin i gcónaí agus taibhsíodh do scata go mba thríd agus leis agus ann a deirtí an t-amhrán.Thug sé tamall mar chonraitheoir sadhlais. Cé go ndeireadh sé féin gur mhinic go raibh dícheall déanta is faic dá bharra, bhí stráice maith talún tugtha chun míntíreachais aige i gcaitheamh na mblianta.

Ina pharóiste dúchais, Paróiste Mórdhach, bhí Ó Beaglaoich aitheanta mar shárchainteoir agus é ar dhuine de na daoine ab fhearr sa Ghaeltacht chun scéal a insint.[5]

Bás agus oidhreacht cuir in eagar

Fuair Séamus Ó Beaglaoich bás gan choinne in Eanáir na bliana 2023, in aois a 73 bliana. Ag éileamh lena chroí, chuaigh sé faoi scian in Ospidéal Luimnigh ach chuaigh cúrsaí in aimhréidh.[10]

Cuireadh Séamus Ó Beaglaoich i reilig Chill Chuáin.[11] Léiriú ar shuim agus ar mheas an phobail ar Shéamus gur chraol RTÉ Raidió na Gaeltachta an t-aifreann ar a leathanach Facebook. Maireann a bhean chéile Mary, a gclann - Breandán, Eoin, Niall agus Méabh - deartháireacha agus deirfiúracha agus a gclannaibh siúd.

Dioscliosta cuir in eagar

  • 1972 An Ciarraíoch Mallaithe, le Séamus & Máire Ní Bheaglaoich
  • 1989 Plancstaí Bhaile na Buc, le Séamus & Máire Ní Bheaglaoich
  • 1992 Bringing it all Back Home, Guinness Tour, (albam díolama)
  • 1993 Meitheal,[8] le Séamus agus Stephen Cooney agus Máire Ní Bheaglaoich
  • 2000 Chieftains, Water from the Well, (albam díolama)
  • 2001, Beginish, Stormy Weather, Séamus ag canadh
  • 2001 Ragairne, Reveling at Night,[9] le Jim Murray
  • 2002 Ragtime
  • 2003 Frankie Lane, Gunsmoke at El Paso, (albam díolama)
  • 2009: Éirí go Lá,[12] Seamus Begley & Jim Murray
  • 2010: Disgrace Notes, Seamus Begley & Tim Edey
  • 2015: The Bold Kerryman

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Death Notice of Séamus Ó Beaglaoich" (en). rip.ie. Dáta rochtana: 2023-01-20.
  2. "Renowned West Kerry musician and singer Séamus Begley has died" (en). RadioKerry.ie. Dáta rochtana: 2023-01-10.
  3. "Séamus Begley: A gloriously boisterous musician who laced his sets with fall-off-the-seat humour" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2023-01-10.
  4. "Seamus Begley: Family and friends devastated by the death of Kerry musician and singer Séamus Ó Beaglaoich" (en). independent. Dáta rochtana: 2023-01-10.
  5. 5.0 5.1 5.2 5.3 5.4 5.5 Seán Mac an tSíthigh / Nuacht RTÉ (2023-01-10). "An ceoltóir cáiliúil Séamus Ó Beaglaoich tar éis bháis" (as ga-IE). 
  6. "‘B’fhéidir gurbh é an t-amhránaí ba bhinne dá gcuala riamh é’ – Séamus Ó Beaglaoich ar shlí na fírinne" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-01-10.
  7. NÓS (9ú Eanáir 2023). "An ceoltóir aitheanta Séamus Ó Beaglaoich ar shlí na fírinne" (ga-IE). NÓS. Dáta rochtana: 2023-01-10.
  8. 8.0 8.1 "Meitheal by Séamus Begley and Stephen Cooney - as analyzed at irishtune.info". www.irishtune.info. Dáta rochtana: 2023-01-10.
  9. 9.0 9.1 "Ragairne (Revelling at Night) by Seamus Begley and Jim Murray - as analyzed at irishtune.info". www.irishtune.info. Dáta rochtana: 2023-01-10.
  10. Morrison Liam SNBC13 (2023-01-10). "Seamus Begley Trad Musician, Irish accordion player died following heart surgery" (en-US). SNBC13.com. Dáta rochtana: 2023-01-10.
  11. Sorcha Ní Mhonacháin / Nuacht RTÉ (2023-01-14). "Ómós don cheoltóir Séamus Ó Beaglaoich ag a aifreann sochraide" (as ga-IE). 
  12. "Éirí Go Lá by Seamus Begley and Jim Murray - as analyzed at irishtune.info". www.irishtune.info. Dáta rochtana: 2023-01-11.

Naisc sheachtracha cuir in eagar