Baile na bPoc, Paróiste Mórdhach

baile fearainn i gContae Chiarraí

Baile fearainn i bParóiste Mórdhach é Baile na bPoc.[1] Fuarthas amach i ndaonáireamh na bliana 2011 go bhfuil dhá thigh déag ar an mbaile agus go raibh 5 thigh folamh ag an am. Bhí 16 duine ag maireachtaint i mBaile na bPoc ag an am.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilBaile na bPoc, Paróiste Mórdhach
Baile na bPoc (ga) Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 52° 13′ 36″ N, 10° 20′ 45″ O / 52.226775°N,10.345743°W / 52.226775; -10.345743
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Mumhan
Contae in ÉirinnContae Chiarraí
ToghroinnCill Chuáin Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Logainm.ie22696

Is as Baile na bPoc don teaghlach fíor-cheolmhar Muintir Uí Bheaglaoich. Tá cáil ar mhuintir Uí Bheaglaoich ar fuaid na cruinne de bharr a gcuid ceoil agus amhránaíochta. I measc Mhuintir Uí Bheaglaoich tá Séamus Ó Beaglaoich, Breandán Ó Beaglaoich, Méabh Ní Bheaglaoich agus Seosaimhin Ní Bheaglaoich.