Cill Mhic Thaidhg
(Athsheolta ó Cill Mac Taidhg)
Is baile fearainn agus paróiste í Cill Mhic Thaidhg[1] i gContae Shligigh, Éire.
Cill Mhic Thaidhg | ||||
---|---|---|---|---|
Suíomh | ||||
| ||||
Stát ceannasach | Éire | |||
Cúige Éireannach | Cúige Chonnacht | |||
Contae in Éirinn | Contae Shligigh | |||
Toghroinn | Cill Mhic Thaidhg | |||
Logainm.ie | 45663 |
Clúdaíonn an paróiste na sráidbhailte Áth an Chláir, Beannada agus Tuar Loistreáin, chomh maith leis na bailte fearainn mórthimpeall orthu. Tá séipéal an pharóiste suite i dTuar Loistreáin, agus tá séipéil níos lú i gCill Mhic Thaidhg agus i Loch Tailt. Bhí séipéal beag i mBeannada ag an mhainistir freisin, ach dúnadh é nuair a cumasc meánscoil Mhainistir Bheannada le meánscoil Chlochar na Muireach i dTobar an Choire.
Is é an Naomh Athracht pátrún an pharóiste, deirtear gur chloígh sí amach dragan a bhí ag marú beostoc feirmeoirí. Tá tobar áitiúil ainmnithe ina diaidh, mar atá an mheánscoil nua i dTobar an Choire.
Naisc sheachtracha
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ “Cill Mhic Thaidhg/Kilmacteige | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.