Ciníochas institiúideach

Is cineál ciníochais é ciníochas institiúideach (ar a dtugtar ciníochas sistéamach freisin) a chuirtear in iúl i gcleachtas institiúidí sóisialta agus polaitiúla. Léirítear é sna difríochtaí maidir le saibhreas, ioncam, ceartas coiriúil, fostaíocht, tithíocht, cúram sláinte, cumhacht pholaitiúil agus oideachas, i measc tosca eile.

Chum Stokely Carmichael (ar a tugadh Kwame Ture ina dhiaidh sin) agus Charles V. Hamilton an téarma institutional racism den chéad uair sa bhliain 1967 sa leabhar Black Power: The Politics of Liberation. Scríobh Carmichael agus Hamilton, cé gur minic a bhíonn ciníochas an duine aonair inaitheanta mar gheall ar a nádúr follasach, is ar éigean a thabharfá faoi deara ciníochas institiúideach toisc go mbíonn sé "less overt, far more subtle" ("gan a bheith chomh follasach, i bhfad níos caolchúisí"). Eascraíonn ciníochas institiúideach "...in the operation of established and respected forces in the society, and thus receives far less public condemnation than [individual racism]" (i bhfeidhmiú fórsaí seanbhunaithe agus measúla sa tsochaí, agus dá bhrí sin faigheann sé i bhfad níos lú cáineadh poiblí ná [ciníochas an duine aonair]). Thug siad samplaí.

(Leanfaidh aistriúchán Gaeilge an sliocht bunaidh seo)

When white terrorists bomb a black church and kill five black children, that is an act of individual racism, widely deplored by most segments of the society. But when in that same city – Birmingham, Alabama – five hundred black babies die each year because of the lack of proper food, shelter and medical facilities, and thousands more are destroyed and maimed physically, emotionally and intellectually because of conditions of poverty and discrimination in the black community, that is a function of institutional racism. When a black family moves into a home in a white neighborhood and is stoned, burned or routed out, they are victims of an overt act of individual racism which most people will condemn. But it is institutional racism that keeps black people locked in dilapidated slum tenements, subject to the daily prey of exploitative slumlords, merchants, loan sharks and discriminatory real estate agents. The society either pretends it does not know of this latter situation, or is in fact incapable of doing anything meaningful about it.

Nuair a bhuamálann sceimhlitheoirí geala eaglais an phobail ghoirm agus nuair a mharaíonn siad cúigear leanaí gorma, is gníomh ciníochais aonair é sin, cáinte go forleathan i bhformhór na gcodanna den tsochaí. Ach nuair, sa chathair chéanna sin - Birmingham, Alabama - faigheann cúig chéad leanbh gorm bás gach bliain mar gheall ar easpa cothaithe chirt, foscaidh agus áiseanna míochaine, agus scriostar agus ciorraítear na mílte eile go fisiciúil, go mothúchánach agus go hintleachtúil mar gheall ar dhálaí na bochtaineachta agus idirdhealaithe sa phobal gorm, sin feidhm de chiníochas institiúideach. Nuair a bhogann teaghlach gorm isteach i dteach i gcomharsanacht gheal agus nuair a chaitear clocha orthu, nó nuair a dhóitear amach as a gcuid tithe iad, nó nuair a cuirtear an ruaig orthu, is íospartaigh iad de bharr gnímh chiníochais aonair a cháinfidh mórchuid na ndaoine. Ach is ciníochas institiúideach é a choinníonn daoine gorma faoi ghlas i bplodtithe a bhfuil drochbhail orthu, faoi réir chreiche laethúil tiarnaí slumaí, ceannaithe, siorcanna iasachta agus gníomhairí eastáit idirdhealaitheacha. Ligeann an tsochaí nach bhfuil a fhios aici faoin staid deiridh seo, nó i ndáiríre ní féidir léi aon rud fiúntach a dhéanamh ina leith.[1][2]