Stokely Carmichael

gníomhaí Meiriceánach

Gníomhaí agus eagraí ab ea Kwame Ture (a rugadh mar Stokely Standiford Churchill Carmichael; 29 Meitheamh 194115 Samhain 1998). Bhí lámh ar leith aige mar cheannaire sa nGluaiseacht Chearta Sibhialta sna Stáit Aontaithe agus sa ngluaiseacht Pan-Afracach. Aithnítear é mar an duine is mó a d’fhorbair an coincheap agus an ghluaiseacht Black Power.

Infotaula de personaStokely Carmichael

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(en-gb) Stokely Standiford Churchill Carmichael
29 Meitheamh 1941
Port of Spain, Oileán na Tríonóide agus Tobága Cuir in eagar ar Wikidata
Bás15 Samhain 1998
57 bliana d'aois
Conacraí, An Ghuine Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Ailse phróstataigh)
Áit adhlacthaCameroun cemetery (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Howard
University of Toronto Mississauga (en) Aistrigh
The Bronx High School of Science (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmpolaiteoir, gníomhaí, gníomhaí ar son chearta an duine, réabhlóidí Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaBéarla
Saothar
Saothar suntasach
Suíomh a chartlainne
Teaghlach
CéileMiriam Makeba (1969–1978) Cuir in eagar ar Wikidata

IMDB: nm0138460 Musicbrainz: 6df74405-1d8a-487e-8160-83d9180a23c6 Discogs: 709318 Allmusic: mn0000776492 Cuir in eagar ar Wikidata

Saol cuir in eagar

Rugadh Carmichael ar Oileán na Tríonóide i Muir Chairib agus tógadh é i gCathair Nua-Eabhrac ó 11 bliain d’aois. Chuir sé tús lena chuid gníomhaíochais agus é ag freastal ar Bronx High School of Science[1].   Bhí Carmichael i measc na ngníomhaithe ar an gcéad Freedom Ride i 1961 agus é 19 bliana d’aois. In 1964, chuaigh sé ina ghníomhaí cearta vótála in Mississippi agus in Alabama le SNCC (Coiste Comhordúcháin Mhic Léinn Neamhfhoréigneach). Ní fada gur osclaíodh súile Carmichael ag an gciníochas sistéamach a bhí mar chuid láidir den Pháirtí Daonlathach agus d’éirigh sé as an ngníomhaíochas sa gcóras polaitíochta[2].

In 1966, ainmníodh Carmichael mar chathaoirleach de SNCC. Le SNCC, thug Carmichael a chéad óráid cháiliúil ar Black Power. Ba mhór an tionchar iad Frantz Fanon agus Malcolm X ar dhearcaí Carmichael. Dá bharr sin, d’iompaigh SNCC ina eagraíocht níos radacaí faoi cheannasaíocht Carmichael. Chuir an grúpa béim láidir ar Black Power mar a sprioc agus a phrionsabal is mó.

Bhí an ghluaiseacht Black Power, an ráiteas, agus Carmichael féin conspóideach, go háirid i measc Meiriceánach bán agus rialtas na Stát Aontaithe. Chuir COINTELPRO, clár de chuid an FBI in aghaidh gníomhaithe gorma, targaid air. I meamram sa bhliain 1968, scríobh J. Edgar Hoover, stiúrthóir an FBI, go raibh eagla air gurbh é Carmichael an chéad “meisias” gorm eile. Bhí sé mar aidhm ag Hoover íomhá bhréagach a chur ar Carmichael mar ghíomhaire rúnda de chuid an CIA[3][4]. D’éirigh leis an iarracht seo agus cuireadh Carmichael amach as SNCC agus d’iompaigh cuid mhaith de na Black Panthers (Huey P. Newton ina measc) ina aghaidh, rud a chuir a shaol féin i mbaol.

Dá bharr seo, theith Carmichael go dtí an Afraic Thiar. Chuir sé faoi i nGána i dtosach agus sa nGuine in 1969. Is ann a ghlac sé lena ainm nua, Kwame Ture, agus a chuaigh sé i bhfeachtas ar son an Phan-Afracachais Réabhlóidigh Shóisialaigh.

Fuair sé bás d’ailse phróstataigh i 1998 sa Ghuine.

 
gluaiseacht Pan-Afracach (bratach UNIA)

Naisc le hÉirinn agus leis an bPobal Éireannach sna Stáit Aontaithe cuir in eagar

Agus é ina chónaí sa nGuine, chothaigh Carmichael aontacht idir gluaiseachtaí agus gníomhaithe ar fud an domhain, gníomhaithe Poblachtánacha i dTuaisceart na hÉireann ina measc, chomh maith le hEagraíocht Shaoirse na Palaistíne (PLO) agus an American Indian Movement[5][6][7].

In 1966, ag freagairt droch-chaint ar an ngluaiseacht Black Power, thug Carmichael óráid ina luaigh sé an pobal Éireannach sna Stáit Aontaithe agus an caighdeán dúbailte a bhí ann, dar leis:

Now the Kennedys built a system of purely Irish Catholic power with Irish Nationalism interwoven into it. Did you know that? And that’s how come they run, rule, own Boston lock stock and barrel including all the black people inside it. That’s Irish power. And that man [Robert Kennedy] going to get up and tell you-all; well he shouldn’t talk about Black Power. He ran and won in New York City on Black Power; his brother became president because Black Power made him president [shouts and applause]. Black Power made his brother president [continued applause]. And he’s got the white nerve to talk about Black Power [continued applause]….[8]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Toivo Asheeke (2015-07-03). "Stokely: A Life, by Peniel E. Joseph". The Black Scholar 45 (3): 70–77. doi:10.1080/00064246.2015.1049330. ISSN 0006-4246. 
  2. Dennis Wepman (2001-10). "Carmichael, Stokely (1941-1998), civil rights leader". Oxford University Press. 
  3. Kathleen Cleaver (2014-04-08). "Liberation, Imagination and the Black Panther Party". doi:10.4324/9780203950920. 
  4. Joshua Bloom, Waldo E. Martin (2019-12-31). "Black against Empire". Berkeley: University of California Press. 
  5. Wil Haygood. "This Powerful Stokely Carmichael Portrait Never Made It to the Cover of Time Magazine" (en). Smithsonian Magazine. Dáta rochtana: 2020-09-14.
  6. Juan Williams (1978-05-14). "African, Arab Groups Stage Rally" (en-US). Washington Post. Dáta rochtana: 2020-09-14.
  7. "Excerpts from Black and Green. The Fight for Civil Rights in Northern Ireland and Black America. | The Gilder Lehrman Center for the Study of Slavery, Resistance, and Abolition". glc.yale.edu. Dáta rochtana: 2020-09-14.
  8. BlackPast (2007-09-29). "(1966) Stokely Carmichael, “Definitions of Black Power”" (en-US). Dáta rochtana: 2020-09-14.