Cinsireacht scannán in Éirinn

Thosaigh cinsireacht scannán in Éirinn[1] sa bhliain 1923, nuair a ritheadh an tAcht um Scrúdóireacht Scannán, 1923 sa Phoblacht.[2] Is féidir i gcónaí srian a chur ar scannáin (agus leabhair, irisleabhair, nuachtáin, ábhar ar líne agus foirmeacha eile d’ollchumarsáid) a thoirmeasc má tá siad do-ghlactha, maslach nó graosta nó is dóchúil go spreagfaidh an t-ábhar fuath nó foréigean.[3][4]

Shínigh James Montgomery an deimhniú seo, a cheann deireanach
Litir a sheol Oifig an Chinsire in 1962 chuig 20th Century Fox ach postas mí-cheart uirthi
1999 "The World is not Enough"

Bunaíodh Oifig an Chinsire agus an Bord Achomhairc Aicmithe Scannán i ndiaidh gur ritheadh an tAcht um Scrúdóireacht Scannán, 1923.

Cuireadh le ról Oifig an Chinsire le DVDanna agus físeáin a chur san áireamh i ndiaidh gur ritheadh an tAcht um Fhístaifeadtaí, 1989.

Sa bhliain 2008, athainmníodh Oifig Cinsire na hÉireann mar Oifig Aicmithe Scannán na hÉireann (OASÉ).[5] Inniu tá OASÉ freagrach as gach scannán, DVD agus físeán a dheimhniú a bheartaítear a dháileadh ar an bpobal.[3]

Cuireann an OASÉ treoirlínte ar fáil ar aoisghrúpa cuí do scannáin – agus bronnann sé deimhniú idir G (ginearálta) agus 18 (duine fásta) ar scannáin. Caithfear cóip de dheimhniú an OASÉ a thaispeáint ar feadh ar a laghad 10 soicind sula dtaispeántar scannán. Amharcann an OASÉ ar fhógraíocht agus faomhann sé í a thaispeántar i bpictiúrlann le scannán a chur chun cinn, lena chinntiú go bhfuil sí cuí don deimhniú.

Is féidir scannán a dheimhniú amhail bheith mí-oiriúnach le hamharc air mar gheall go gcinneann OASÉ :

  • Is dóchúil go ndéanfaidh sé díobháil do leanaí
  • Tá sé míchuí, graosta nó diamhaslach
  • B’fhéidir go dtiocfadh amharc air salach ar mhoráltacht phoiblí

Anuas ar scannán a thoirmeasc, is féidir leis an OASÉ cinneadh a dhéanamh gur gá codanna de scannán a bhaint sular féidir é a dheimhniú amhail bheith oiriúnach le hamharc air. Ach ní tharlaíonn sé sin go minic inniu.

Féach freisin

cuir in eagar
  1. i mBéarla, film censorship in the Republic of Ireland
  2. "Achtanna » Achtanna". www.achtanna.ie. Dáta rochtana: 2024-08-23.
  3. 3.0 3.1 Citizensinformation.ie. "Cinsireacht" (ga). www.citizensinformation.ie. Dáta rochtana: 2024-08-23.
  4. Mairéad Ní Nuadháin (23 Lúnasa 2024). "Ag caint leis an gCinsire deiridh, Sheamus Smith" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-08-23.
  5. i mBéarla, Irish Film Classification Office nó IFCO