Cinsireacht leabhar in Éirinn
Bhí córas leathan cinsireachta i bhfeidhm in Éirinn sa 20ú haois, cosúil le tíortha go leor eile le linn na hama sin. Bhí na dlíthe i gcónaí i bhfad ní ba liobrálaí sa Bhreatain, agus mar sin i dTuaisceart Éireann, ná an chuid eile den domhan.
Stair
cuir in eagarBunaíodh an "Committee on Evil Literature" sa bhliain 1926.[1] Mhol an Coiste seo go mbunofaí Bord um Scrúdóireacht Fhoilseachán, rud a tharla sa bhliain 1929 nuair a ritheadh Acht um Chinsireacht Fhoilseachán, 1929.[2]
Ar an 13 Feabhra 1946, ritheadh an tAcht um Chinsireacht Fhoilseachán, 1946[3] Leasaigh an tAcht an chéad Acht (1929), trí neamhspleáchas ón Aire Dlí agus Cirt a thabhairt don Bhord um Chinsireacht Fhoilseachán. Ba é an tAcht ina dhiaidh sin an bunús reachtúil do chóras cinsireachta a raibh droch-cháil air ar fud an domhain toisc nár aithin sé an fiúntas nó an tábhacht ó thaobh litríochta de a bhaineann le leabhair a scríobh daoine a bhí i measc na scríbhneoirí is mó le rá in Éirinn agus sa domhan.
Rinneadh leasú sa bhliain 1967, nuair a ritheadh an tAcht um Chinsireacht Fhoilseachán, 1967. Cuireadh teorainn dhá bhliain déag den chuid is mó ar an éifeacht a bhí ag ordú toirmisceachta i leith leabhair.Chiallaigh sé sin gurbh fhéidir cúig mhíle leabhar a raibh cosc orthu roimhe sin a chur ar an margadh in Éirinn. Dáiríre, chiallaigh an t-acht gur cuireadh deireadh le dianchinsireacht leabhar in Éirinn. Ba chor cinniúnach a bhí ann. Tar éis 1967, tá an chosúlacht air nár bhreathnaigh daoine siar níos mó – mar shampla, bhí leabhair Brendan Behan, John McGahern agus Edna O’Brien,srl ar liostaí léitheoireachta na nÉireannach.[4]
An Ghaeilge
cuir in eagarBhí an Cadhnach barúlach go raibh córas neamhoifigiúil cinsireachta i bhfeidhm ag an nGúm[5] agus é níos déine ná an chinsireacht oscailte a bhí á déanamh ar na leabhair Bhéarla in Éirinn san am chéanna. Cháin sé an rud ar thug sé tíorántacht na bpáistí scoile agus na mban rialta air, is é sin, go raibh an Gúm drogallach aon leabhar Gaeilge a fhoilsiú a bhainfeadh geit as an dá dhream seo, ó bhí an priacal ann i dtólamh go mbainfí úsáid as an leabhar mar lón léitheoireachta is mar áis teagaisc ar scoil (agus ba iad na hoird reiligiúnacha a bhí i gceann fhormhór mór na scoileanna in Éirinn sa linn sin).
An chinsireacht inniu
cuir in eagarIs féidir srian a chur ar leabhair, scannáin, irisleabhair, nuachtáin, srl sna cásanna seo a leanas: Tá siad do-ghlactha, maslach, graosta, nó spreagann siad fuath nó foréigean srl. Faoin Acht um Gháinneáil ar Leanaí agus Pornagrafaíocht Leanaí, 1998, is cion é pornagrafaíocht leanaí a shealbhú, a chur i gcló, a fhoilsiú nó a thaispeáint.[6] Tá an Bord um Scrúdóireacht Fhoilseachán fós ann, bunaithe faoi na hAchtanna um Scrúdóireacht Fhoilseachán, 1929 go 1967. Ach ní thagann an Bord um Scrúdóireacht Fhoilseachán le chéile ach nuair a theastaíonn. Tháinig sé le chéile mar shampla sa bhliain 2008 (agus arís in 2016) nuair a bhí gearán amháin faighte ag an mBord i gcomhair a bhreithnithe. Tá an Bord neamhspleách ar an Aire i gcur i gcrích a fheidhmeanna agus níl an chumhacht ag an Aire cinntí an Bhoird a athrú.[7]
Mar sin féin, tá an tAcht ligthe i léig beagnach, ó thaobh na leabhar de (mar chontrárthacht ar thréimhseacháin); dealraíonn sé nach ndearnadh ach ordú toirmisceachta amháin i leith leabhar ó 1998,[8][9] ionas nach bhfuil ach an leabhar sin amháin faoi thoirmeasc faoi láthair ('The Raped Little Runaway', le Jean Martin) "ar an bhforas go bhfuil leabhar mígheanasach nó draosta".
Go dtí 2018, bhí leabhair faoi thoirmeasc buan fós ar an bhforas go molann siad breith anabaidh nó mochbhreith a thabhairt.[10][11] Ach i ndiaidh go ndearnadh an tOchtú Leasú a aisghairm in 2018, a dhéanann foráil d’fhoirceannadh dleathach toirchis, baineadh tagairtí do ghinmhilleadh den Acht um Scrúdóireacht Fhoilseachán, 1946. In 2019, dheimhnigh an Roinn Dlí agus Cirt go raibh roinnt foilseachán a sholáthraíonn eolas faoi ghinmhilleadh le baint ón gClár Foilseachán Toirmiscthe.[6]
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ "Committee on Evil Literature" (as en) (2022-11-29). Wikipedia.
- ↑ eISB (1929). "electronic Irish Statute Book" (en). www.irishstatutebook.ie. Dáta rochtana: 2023-10-25.
- ↑ Office of the Houses of the Oireachtas House Services Directorate Bills Office. "AN tACHT UM CHINSIREACHT FHOILSEACHÁN, 1946" (ga). www.acts.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2023-10-25. Dáta rochtana: 2023-10-25.
- ↑ Colm Tóibín (25 Deireadh Fómhair 2023). "Cás John Broderick agus lorg na cinsireachta in Éirinn" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-10-25.
- ↑ lch 86, Ó Cadhain, Máirtín, Ó Cadhain i bhFeasta. Eag. Seán Ó Laighin. (Clódhanna Teoranta, 1990).
- ↑ 6.0 6.1 Citizensinformation.ie. "Cinsireacht" (ga). www.citizensinformation.ie. Dáta rochtana: 2023-10-25.
- ↑ "Cathaoirleach agus Baill nua fógartha don Bhord um Scrúdóireacht Fhoilseachán" (ga). merrionstreet.ie. Dáta rochtana: 2023-10-25.
- ↑ Cuireadh cosc sa bhliain sin ar "The Base Guide to London" le Base Shoes
- ↑ Cuireadh cosc chomh maith ar "The Committee: Political Assassination in Northern Ireland".
- ↑ "Censorship board bans book for the first time since 1998" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2023-10-25.
- ↑ Scoil Dlí COBÁC (2018). "An tAcht um Chinsireacht Fhoilseachán, 1946". Dáta rochtana: 2023.