Ciorcal Cloch le Claífort Chaisleán an Ridire

Is liagchiorcal suite i gCill Chainnigh é Ciorcal Cloch le Claífort Chaisleán an Ridire. Baineann an láthair seo le ceann de na cineálacha séadchomharthaí searmanais is neamhghnáthaí in Éirinn. Ciorcal cloch a thugtar ar an láthair san áit ach i ndáiríre baineann sé leis na cineálacha séadchomharthaí ar a dtugtar bábhún le claífort nó henge. Bhí láithreacha den chineál sin á dtógáil thart ar 2500 RC, ag deireadh na tréimhse Neoilití agus ag tús Aois an Chré-Umha. Is dóigh gur baineadh leasa astu do chríocha deasghnátha; dealraíonn go ndearnadh roinnt séadchomharthaí cosúil leo sa Bhreatain agus in Éirinn a ailíniú de réir imeachtaí tábhachtacha réalteolaíochta nó de réir ghnéithe tírdhreacha ar bhain tábhacht deasghnátha leo.

WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Ciorcal Cloch le Claífort Chaisleán an Ridire
Íomhá
Sonraí
CineálRecumbent stone circle (en) Aistrigh
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinDún Ard, Éire
Map
 52°59′28″N 6°38′13″W / 52.9912019°N 6.6368089°W / 52.9912019; -6.6368089
Séadchomhartha náisiúnta na hÉireann
Aitheantóir441
Ciorcal Cloch le Claífort Chaisleán an Ridire

Sa láthair tá créfort, atá 30 méadar ar leithead, agus taobh istigh leis tá 29 cloch ina seasamh. Is é an bealach isteach atá ann, ar an taobh thoir theas ná dhá ghallán mhóra ghrianchloiche. Tá díog, atá thart ar 60 méadar ar leithead, taobh amuigh thart ar an mbábhún ach ní féidir é a thabhairt faoi deara anois ach ón aer.

In aice láimhe tá caisleán criaga nó motte a thóg na hAngla-Normannaigh ag deireadh an 12ú céad AD le hamharc a fháil ar an áit le dul trasna na habhann. Is éard atá ann tulach mhór chruinn cré le mullach is claí uirthi agus tá dióg thart uirthi. Ar dtús bhí foirgneamh cosanta adhmaid nó túr ar bharr na tulaí. Ar an taobh ó dheas tá áit bheag ardaithe agus d'fhéadfadh gur clós a bhí ann—áit dúnta isteach d'fhoirgnimh bhaile eile. Níl cead isteach ag an bpobal go dtí an séadchomhartha seo.