Brainse den mhíochaine a bhaineann le toircheas is luí seoil is ea cnáimhseachas (nó asaoideolaíocht uaireanta).[1]

Teimpléad:WD Bosca Sonraí Idirghabháil LeighisCnáimhseachas
cuir in eagar
MeSHD008880 Cuir in eagar ar Wikidata

Cúram cuir in eagar

Cleachtann lia, bean chabhrach, bean ghlúine, cnáimhseoir nó cnáimhseach an cnáimhseachas, sé sin, aire ban torrach chomh maith le bainistíocht na breithe féin. Tugtar cúram ann do chonair atáirgthe na mban agus a bpáistí i rith toirchis, bhreith an linbh agus na tréimhse iarbhreithe. Tagann san áireamh ː[1]

  • cúram na mná le linn a toirchis,
  • measúnú ar mhéid is sláinte an fhéatais sa bhroinn,
  • brath galar a bhaineann le toircheas ar nós eiclaimse,
  • ionad is treoshuíomh an fhéatais sa bhroinn a dhéanamh amach, agus
  • tabhairt an pháiste ón mbean.

De ghnáth, san iarthar inniu, déanann an cnáimhseoir cuid mhór dá chuid oibre in ospidéal.

 
Eucharius Rößlin, Der Swangern frawen, timpeall 1515

Stair cuir in eagar

Bhíodh cúram le linn luí seoil i lámha na mban, agus thosaigh ag teacht faoin lucht leighis sa l6ú céad.[1]

Tháinig teanchair in úsáid sa 17ú haois le cabhrú sa bhreith.

James Young Simpson is túisce a bhain leas as cabhair ainéistéisigh (seachas ainéistéiseach eipeadúrach) le linn tabhairt an pháiste ón mbean.[1] Ach inniu, déantar an gnó gan ainéistéiseach go fairsing ar fud an domhain.

Féach freisin cuir in eagar

Naisc cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 Hussey, Matt (2011). "Fréamh an Eolais" (Coiscéim).