Cnuasainm
(Athsheolta ó Cnuasainmneacha)
Is éard is cnuasainm[1][2] ann ná ainmfhocal a thugtar mar ainm ginearálta ar ghrúpa atá comhdhéanta de chineál amháin daoine nó ainmhithe.
Daoine
cuir in eagar- Bord stiúrthóirí
- dream/grúpa daoine
- foireann imreoirí/múinteoirí srl.
- buíon/banna ceoltóirí
- meitheal oibrithe
Ainmhithe
cuir in eagar- Púir beach nó saithe beach
- Bólacht
- Tréad caorach
- Ál éillín
- Ráth deilf
- Ealta éin
- Táin eallaigh
- Scoil éisc nó ráthaigh éisc
Cnuasainmneacha ainmhithe
cuir in eagar- ál - sicíní, éin óga nó muca, banbh
- conairt - madraí/ gadhair
- ealta - scata éan go príomha... nó ainmhithe nó daoine
- tréad - scata eallaigh (caorach nó bó nó buabhall) le chéile
- scuaine - grúpa lachan
- scata - grúpa géanna
- seisreach - grúpa capall (atá ag obair le chéile de ghnáth)
- eachra - grúpa capall (i stábla nó foireann le chéile)
- coilíneacht - seangán nó róin?
- scaoth - beach agus cuileog, agus éan is páistí freisin
- scoil/báire - éisc
- coinicéar - coiníní
- ráth éisc, scadán - shoal of fish, of herring
- grathain cuileog,
- scoil éisc
- plá feithidí
- scuaine lachan
- scata géanna
Nithe neamhbheo
cuir in eagar- Bolg saighead
- Cófra tarraiceán
- Crobhaing bláthanna
- Mothar crann
- Tom driseacha
- Braisle réaltraí
- Triopall fíonchaor
- Loingeas cogaidh
- Paca cártaí
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ ““cnuasainm” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-05-22.
- ↑ Niall Ó Dónaill, eag.: “Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill): cnuasainm” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1977). Dáta rochtana: 2024-05-22.