Ba fhiontar coilíneach Sasanach i Meiriceá Thuaidh í Coilíneacht Plymouth ó 1620 go 1691 in áit a ndearna an Captaen John Smith suirbhé uirthi sa bhliain 1614. Ba é Smith a thug an t-ainm Plymouth ar an áit freisin. Bhí an lonnaíocht mar phríomhbhaile an choilíneachta agus d’fhorbair sí mar an bhaile Plymouth, Massachusetts. Nuair a bhí an choilíneacht in airde a réime, líon sí an chuid is mó den chuid thoir theas de Massachusetts. Bhunaigh grúpa scarúnaithe Piúratánacha, ar a dtugtaí an Brownist Emigration ar dtús, ach ar ar tugadh Na hOilithrigh (Béarla: The Pilgrims) níos déanaí. Ba í an dara coilíneacht a bhunaigh na Sasanaigh i Meiriceá Thuaidh a raibh rath uirthi i ndiaidh Jamestown, Virginia, agus ba é an chéad lonnaíocht bhuan Shasanach sa réigiún ar a dtugtar Sasana Nua anois.

Coilíneacht Plymouth

Tagairtí cuir in eagar