Conradh dlí idirnáisúnta de chuid Choimisiún na Náisiún Aontaithe um Dhlí Trádála Idirnáisiúnta (Béarla: UN Commission on International Trade Law, UNCITRAL) is ea Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Conarthaí faoi Dhíol Idirnáisiúnta Earraí, ar a thugtar Coinbhinsiún Vín go minic. Níl Éire mar chuid den gCoinbhinsiún seo.[1]

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtCoinbhinsiún Vín
Íomhá
Law identifier (en) Aistrigh平成20年条約第8号 Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálconradh de chuid na Náisiún Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata
Bailíocht11 Aibreán 1980 - 
SuíomhVín, An Ostair Cuir in eagar ar Wikidata
TaisceArd-Rúnaí na Náisiún Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata

Saothar iomlán ar fáil ag URLtreaties.un.org… Cuir in eagar ar Wikidata

Soláthraíonn an conradh seo rialacha le cur i bhfeidhm ar chonarthaí idirnáisiúnta a bhaineann le hearraí a dhíol. Ní bhaineann an Coinbhinsiún le freagracht an díoltóra as gortú a chúisíonn na hearraí, ná le bailíocht chonartha ná le cearta maoine.

De réir Airteagal 11, ní gá go mbeadh an conradh trádála i scríbhinn. Tugann Airteagal 12 cead do thíortha áfach é a dhéanamh riachtanach go mbeadh aon chonradh trádála earraí i bhfoirm scríofa.

  1. Náisiúin Aontaithe. "Coinbhinsiún Vín". Dáta rochtana: Samhain 2024.