Comhairle um Athrú Aeráide (Éire)
Bunaíodh an Chomhairle um Athrú Aeráide (an CAA)[1] ar an 18 Eanáir 2016.[2]
Sonraí | |
---|---|
Cineál | grúpa comhairleach |
Suíomh gréasáin | https://www.climatecouncil.ie/ |
Is "comhlacht comhairleach neamhspleách" í an CAA a bhfuil sé de chúram uirthi measúnú a dhéanamh ar an gcaoi a bhfuil Éire ag tabhairt faoin aistriú chuig geilleagar atá athléimneach ó thaobh na haeráide de, atá saibhir ó thaobh na bithéagsúlachta de, atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de agus atá neodrach ó thaobh na haeráide de, agus comhairle a sholáthar ina leith sin."[3]
Gach bliain déanann an CAA athbhreithniú ar fheidhmíocht na hÉireann an bhliain roimhe sin.
Foilseacháin
cuir in eagarSa bhliain 2017, bhí rabhadh soiléir tugtha ag an gComhairle gur cosúil go dteipfeadh ar Éire a spriocanna a bhaint amach (a bhain ag an am le laghdú ar astaíochtaí carbóin faoin mbliain 2050).[4]
Sa bhliain 2023, dúirt an CAA gurb amhlaidh, de réir an ráta ag a raibh beartais á gcur i bhfeidhm, nach gcomhlíonfadh Éire na spriocanna a leagadh síos di sa chéad agus sa dara tréimhse den bhuiséad carbóin.[3]
Ar an 23 Deireadh Fómhair 2024, dúirt an CAA go raibh "baol mór ann i gcónaí nach gcomhlíonfaimid ar gcuid oibleagáidí náisiúnta agus idirnáisiúnta laistigh den achar ama atá leagtha síos."[5]
Féach freisin
cuir in eagarNaisc sheachtracha
cuir in eagar- ClimateCouncil.ie Curtha i gcartlann 2021-11-28 ar an Wayback Machine
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Climate Change Advisory Council. "Home | Climate Change Advisory Council" (en). www.climatecouncil.ie. Dáta rochtana: 2024-10-23.
- ↑ nó an an Chomhairle Chomhairleach um Athrú Aeráide; i mBéarla, The Climate Advisory Council (Ireland)
- ↑ 3.0 3.1 climatecouncil.ie (2023). "Athbhreithniú Bliantúil 2023 ón gComhairle Chomhairleach um Athrú Aeráide". Dáta rochtana: 2024.
- ↑ "Cosc iomlán ar dhó móna i dtithe na tíre seo molta i dtuarascáil nua" (ga-IE). Tuairisc.ie (2017). Dáta rochtana: 2021-11-27.
- ↑ Nuacht RTÉ (2024-10-23). "Athrú aeráide: 'baol mór ann nach gcomhlíonfaimid ár ndualgais'" (as ga-IE).
Is síol faoi Oileán na hÉireann é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |