Conair na Coirre Léithe
Is conair Iarannaoise suite i gContae an Longfoirt é Conair na Coirre Léithe. Tógadh an bóthar Iarannaoise seo in 148 RCh. Bóthar na Lochlannach a thugtar air go háitiúil, agus is é an ceann is mó dá shórt é a nochtadh san Eoraip.
Conair na Coirre Léithe | ||||
---|---|---|---|---|
Sonraí | ||||
Cineál | Suíomh seandálaíochta | |||
| ||||
D’fhéadfadh sé gur bóthar searmanach a bhí ann, a cheangail Cnoc Uisnigh, lárionad deasghnách na hÉireann, agus suíomh ríoga Ráth Cruachan.
Is as cláir throma dharach a rinneadh an chonair, agus slogadh síos sa phortach iad tar éis tamall gearr. Dá bharr sin, níorbh fhéidir í a úsáid, ar ndóigh, ach mar thoradh air sin freisin, d’fhan an chonair sa phortach agus í caomhnaithe go hiomlán ar feadh dhá mhíle bliain ina dhiaidh sin.
Taobh istigh den ionad oidhreachta, tá stráice den déanmhas ársa adhmaid, atá 18 méadar ar fad, ar taispeáint go buan i halla a dearadh go speisialta chun é a chaomhnú.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Barry Raftery (1987). "Ancient Trackways in Corlea Bog, Co. Longford". Archaeology Ireland 1 (2): 60–64. ISSN 0790-892X.
Naisc sheachtracha
cuir in eagarIs síol faoi thíreolaíocht na hÉireann é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |