Conchúr mac Diarmada

rí Mhagh Loirg

Naoú rí Mhagh Loirg ba ea Conchúr mac Diarmada. Bhí sé i gcoróin ón mbliain 1187 go dtí 1196.

Infotaula de personaConchúr mac Diarmada
Teaghlach
PáisteTomaltach na Carraige Mac Diarmada Cuir in eagar ar Wikidata
AthairDiarmaid mac Taidhg Mhóir

Beatha cuir in eagar

Feictear Conchúr sna hannála don bhliain a rinneadh rí de. Bhuail tintreach Carraig Loch Cé agus loisceadh í agus bádh Duibheasa bean Chonchúir sa chlampar.[1][2]

Cuireann an iontráil seo in iúl go raibh an rítheaghlach ina chónaí chéanna féin ar an gCarraig i Loch Cé.

Rinneadh rí de Chonchúr an bhliain tar éis bhás Muirghis. Ní fheictear arís é 1196, nuair a thug sé suas a choróin chun dul in ord i Mainistir na Búille. Tháinig Tomaltach na Carraige i gcomharbas air.[3]

Tuairiscítear a bhás ina thásc don bhliain dár gcionn, 1197.[4][5]

Ainm athartha nó sloinne cuir in eagar

Mar shloinne, bheadh Ó Maol Ruanaidh, as a athair, Diarmaid mac Taidhg Mhóir Ó Maol Ruanaidh aige. Ainm athartha ba ea mac Diarmada ag an am. Sa chéad ghlúin eile, d'éirigh Mac Diarmada ina shloinne nua.

Foinsí cuir in eagar

The MacDermot Clan Association] Curtha i gcartlann 2017-10-09 ar an Wayback Machine

Tagairtí cuir in eagar

  1. Annála na gCeithre Máistrí, ACM 1187.4
  2. Annála Loch Cé, ALC 1187.3
  3. ACM 1196.6
  4. ACM 1197.6
  5. ALC 1197.4


Réamhtheachtaí
Muirgheas mac Taidhg Mhóir
rí Magh Loirg
1187 - 1196
Comharba
Tomaltach na Carraige Mac Diarmada