Osclóidh seo an príomhroghchlár

Conchur Ó Colbaird

reibiliúnach Éireannach

Réabhlóidí Éireannach ab ea Conchur[1] "Conn" Ó Colbaird[1], Béarla: Cornelius ColbertConn Colbert (19 Deireadh Fómhair 18888 Bealtaine 1916). Cuireadh chun báis é i bPríosún Chill Mhaighneann sa bhliain 1916 don pháirt a ghlac sé in Éirí Amach na Cásca.

Conchur Ó Colbaird
Conn Colbert.JPG

Dáta breithe 19 Deireadh Fómhair 1888
Áit bhreithe Áth an tSléibhe, Contae Luimnigh, Éire
Dáta báis 8 Bealtaine 1916
  Príosún Chill Mhaighneann, Baile Átha Cliath, Éire
Páirtí Óglaigh na hÉireann
Bráithreachas na Poblachta
Gairm Cléireach

Tús a ShaoilCuir in Eagar

As Áth an tSléibhe i gContae Luimnigh dó. D'éirih sé sáite sa náisiúnachas agus Fianna Éireann agus é ag obair le Pádraig Mac Piarais i Scoil Éanna i mBaile Átha Cliath.

Sa bhliain 1913, bhí sé ar na chéad daoine a chuaigh isteach in Óglaigh na hÉireann, agus níorbh fhada go raibh sé ina bhall de Bhráithreachas na Poblachta chomh maith.

Imeachtaí 1916Cuir in Eagar

Le linn an Éirí Amach, bhí Ó Colbaird ina chaptaen ar Chomplacht F de Cheathrú Cathlán Óglaigh na hÉireann, lonnaithe ag drioglann Watkins[2] ar Shráid Bhaile Átha Fhirdhia soir ó Aontas Bhaile Átha Cliath Theas.[3]

 
1912-1914 Fianna Éireann: rang tosaigh: Patrick Holohan, Michael Lonergan & Con Colbert. Rang chúil: Garry Holohan & Padraig Ryan.

Faoi thráthnóna Dé Máirt ba léir nár bhain tábhacht straitéiseach le Drioglann Watkins ach oiread le Drioglann Roe. Dá bhrí sin, chinn an Captaen Colbert agus a chomplacht dul chomh fada leis an gCaptaen Séamus Murphy a bhí lonnaithe ag Drioglann Jameson.

Thréig an Captaen McCarthy Drioglann Roe agus chuaigh roinnt dá chomplacht chomh fada leis an ngarastún ag Drioglann Jameson. Grúpa de 21 a bhí i gceist ag an tús ach bhí borradh mór tar éis teacht ar an méid sin de bhrí gur tháinig na complachtaí ón dá urphost eile, mar aon le baill de Chumann na mBan, agus fir a bhí déanach ag triall ar an áit.

 
Drioglann Jameson

Bhí radharc ó gharastún Jameson ar shuímh áirithe laistigh d’Aontas Bhaile Átha Cliath Theas agus bhí deis acu tacú leis an ngníomhaíocht go pointe. Chomh maith leis sin, d’éirigh leis moill a chur ar an trácht míleata go pointe áirithe, ach ní raibh mórán tionchair aige ar thoradh an Éirí Amach

Lámhachadh Ó Colbaird ar 8 Bealtaine 1916 in éineacht leis na ceannairí eile nuair a theip ar an éirí amach.

OidhreachtCuir in Eagar

Tá an stáisiún traenach i Luimneach agus Bóthar Con Colbert i mBaile Átha Cliath ainmnithe in ómós dó.

TagairtíCuir in Eagar