Contae New Haven, Connecticut
Is contae i ndeisceart Connecticut é New Haven. Sa bhliain 2010, bhí 862,477 duine ina gcónaí sa chontae. Is é an contae a bhfuil an tríú daonra is mó i gConnecticut ann. Is é Béarla an phríomhtheanga d'fhormhór an daonra i gcontae New Haven. Is é Spáinnis an phríomhtheanga do 8.73%, agus is é Iodáilis an phríomhtheanga do 2.05%.
Sa bhliain 1960, cuireadh deireadh le rialtais chontae i gConnecticut. Mar sin, cosúil le gach contae eile i gConnecticut, níl rialtas contae ná "Príomhbhaile Contae" ag an gcontae seo anois. Roimhe seo, bhí an chathair New Haven, Connecticut ina príomhbhaile contae.
![]() |
Is síol faoi thíreolaíocht contae Mheiriceá é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |