Coolio

rapálaí agus aisteoir Meiriceánach (1963–2022)

Ba rapálaí, léiritheoir ceoil, agus aisteoir Meiriceánach é Artis Leon Ivey Jr. (1 Lúnasa 1963 – 28 Meán Fómhair 2022), nó Coolio mar ab fhearr aithne air. Bhain Coolio clú is cáil amach i lár na 1990idí lena chuid albam It Takes a Thief (1994), Gangsta's Paradise (1995), agus My Soul (1997). B'fhearr aithne air as a amhrán “Gangsta's Paradise” a bhuaigh Gradam Grammy sa bhliain 1995, chomh maith le “Fantastic Voyage” (1994), “1, 2, 3, 4 (Sumpin’ New)” (1996), agus “CU When U Get There” (1997).

Infotaula de personaCoolio

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(en) Artis Leon Ivey Jr. Cuir in eagar ar Wikidata
1 Lúnasa 1963
Monessen, Pennsylvania Cuir in eagar ar Wikidata
Bás28 Meán Fómhair 2022
59 bliana d'aois
Los Angeles, California Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás tionóisceach (Fentanyl toxicity (en) Aistrigh)
Faisnéis phearsanta
Ainm cleiteCoolio Cuir in eagar ar Wikidata
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste Compton Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisBéarla
Gníomhaíocht
Réimse oibreRapáil
Gairmrapálaí, aisteoir, léiritheoir ceirníní, cumadóir amhrán, chef Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1987 –  2022
SeánraHip hap an chósta thiar, rap gangsta agus G-func
TeangachaBéarla
UirlisCeol gutha
Lipéad ceoilAllied Artists Music Group
Warner Bros. Records
Tommy Boy Records (1994–1998) Cuir in eagar ar Wikidata
Saothar
Saothar suntasach
Gradam a fuarthas

IMDB: nm0004839 Allocine: 27621 Rottentomatoes: celebrity/coolio Allmovie: p140663 TV.com: people/coolio TMDB.org: 35549
Facebook: Coolio X: coolio Instagram: coolio Youtube: UCL05rT1FGIX8SE3EeADcQtA Spotify: 3y24n3XhZ96wgwRXjvS17T Apple Music: 625207 Last fm: Coolio Musicbrainz: cc30e630-8c75-4d78-b205-8e2edc6bdaa7 Songkick: 560238 Discogs: 10991 Allmusic: mn0000780346 Amazon Music: B0025NIWY6 Deezer: 99 Cuir in eagar ar Wikidata

Sheinn sé an téamamhrán “Aw, Here It Goes!” don tsraith theilifíse Kenan & Kel ar Nickelodeon i 1996. Ó 1996 ar aghaidh, d'eisigh Coolio a chuid albam go neamhspleách. Chruthaigh sé sraith ghréasáin dar teideal Cookin' with Coolio agus d'fhoilsigh sé leabhar cócaireachta freisin. Tháinig clú agus cáil air i dtús báire mar bhall den ghrúpa rapcheoil gangsta WC and the Maad Circle in éineacht le WC agus a dheartháir, Crazy Toones.