Corn Rugbaí an Domhain 1995
Corn Rugbaí an Domhain 1995 | |||||
---|---|---|---|---|---|
Comórtas | Corn Rugbaí an Domhain 1995 | ||||
Spórt | ![]() | ||||
Eagrán | 3ú | ||||
Dátaí | 25 Bealtaine go 24 Meitheamh 1995 | ||||
Óstach | An Afraic Theas | ||||
Rannpháirtithe | 16 | ||||
Torthaí | |||||
Buaiteoir | ![]() | ||||
Dara háit | ![]() | ||||
Tríú hÁit | ![]() | ||||
Ceathrú hÁit | ![]() | ||||
Staitisticí | |||||
Cluichí | 32 | ||||
Líon pointí is mó | ![]() | ||||
Líon úd is mó | ![]() ![]() | ||||
Comórtais | |||||
|
Ba é Corn Rugbaí an Domhain 1995 an tríú corn rugbaí domhanda. Bhí an comórtas ar siúl ón 25 Bealtaine go dtí an 24 Meitheamh 1995 san Afraic Theas. Bhuaigh foireann rugbaí na hAfraice Theas an comórtas, 15-12 i gcoinne na Nua-Shéalainne sa chluiche ceannais.
Ba é Corn an Domhain an chéad mhórimeacht spóirt a bhí ar siúl san Afraic Theas tar éis dheireadh an apartheid. B'ócáid stairiúil é nuair a bhronn Uachtarán na hAfraice Theas, Nelson Mandela, gléasta i ngeansaí na foirne náisiúnta, Corn Webb Ellis ar chaptaen na hAfraice Theas Francois Pienaar.
StaideannaCuir in Eagar
Imríodh na 32 chluiche i naoi staid difriúil, gach ceann acus san Afraic Theas. Imríodh an cluiche ceannais sa staid ba mhó, Ellispark in Johannesburg.
Cathair | Staid | Toilleadh | Líon cluichí |
---|---|---|---|
Johannesburg | Ellispark | 62,000 | 5 |
Pretoria | Loftus Versfeld | 50,000 | 5 |
Cape Town | Nuweland | 50,000 | 4 |
Durban | Kings Park Stadion | 50,000 | 5 |
Bloemfontein | Vrystaat Stadion | 40,000 | 3 |
Port Elizabeth | Boet Erasmus Stadion | 38,950 | 3 |
Rustenburg | Olympiapark | 30,000 | 3 |
East London | Basil Kenyon Stadion | 22,000 | 3 |
Stellenbosch | Danie Craven Stadion | 16,000 | 1 |
Tíortha rannpháirteachaCuir in Eagar
Cosúil leis na comórtais roimhe bhí sé fhoireann déag rannpháirteach sa chorn domhanda. Fuair na hocht bhfoireann a bhain an babhta ceathrú ceannais amach sa chomórtas roimhe sin áit go huathoibríoch, chomh maith leis an óstach, an Afraic Theas. Eagraíodh comórtas cáiliúcháin don seacht n-áit eile.
Seo na foirne a ghlac páirt:
An Afraic |
Meiriceá |
An Áise |
An Eoraip |
An Aigéine |
Babhta na nGrúpaíCuir in Eagar
Cuireadh na sé thír déag a ghlac páirt i gceithre ghrúpa, agus ceithre thír i ngach grúpa. Fuarthas trí phointe as cluiche a bhuachan, dhá phointe as comhscór agus pointe amháin as cluiche a chailliúint. Chuaigh an dá fhoireann a bhí sa chéad dá áit i ngach grúpa ar aghaidh go díreach chuig an mbabhta ceathrú ceannais.
Bhí cúig phointe ar úd, dhá phointe ar shlánú, trí phointe ar chic pionóis agus trí phointe ar phreabchúl.
Grúpa ACuir in Eagar
Áit | Tír | Cluichí | Pointí | Pointí | |||||
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
Imeartha | Buaite | Comhscóir | Caillte | Scóráilte | I gcoinne | +/- | |||
1 | An Afraic Theas | 3 | 3 | 0 | 0 | 68 | 26 | 42 | 9 |
2 | An Astráil | 3 | 2 | 0 | 1 | 87 | 41 | 46 | 7 |
3 | Ceanada | 3 | 1 | 0 | 2 | 45 | 50 | -5 | 5 |
4 | An Rómáin | 3 | 0 | 0 | 3 | 14 | 97 | -83 | 3 |
Dáta | Scór | Staid | Áit | ||
---|---|---|---|---|---|
25 Bealtaine | An Afraic Theas | 27–18 | An Astráil | Nuweland | Cape Town |
26 Bealtaine | Ceanada | 34–3 | An Rómáin | Boet Erasmus Stadion | Port Elizabeth |
30 Bealtaine | An Afraic Theas | 21–8 | An Rómáin | Nuweland | Cape Town |
[[31 Bealtaine | An Astráil | 27–11 | Ceanada | Boet Erasmus Stadion | Port Elizabeth |
3 Meitheamh | An Astráil | 42–3 | An Rómáin | Danie Craven Stadion | Stellenbosch |
3 Meitheamh | An Afraic Theas | 20–0 | Ceanada | Boet Erasmus Stadion | Port Elizabeth |
Grúpa BCuir in Eagar
Áit | Tír | Cluichí | Pointí | Pointí | |||||
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
Imeartha | Buaite | Comhscóir | Caillte | Scóráilte | I gcoinne | +/- | |||
1 | Sasana | 3 | 3 | 0 | 0 | 95 | 60 | 35 | 9 |
2 | Samó | 3 | 2 | 0 | 1 | 96 | 88 | 8 | 7 |
3 | An Iodáil | 3 | 1 | 0 | 2 | 69 | 94 | -25 | 5 |
4 | An Airgintín | 3 | 0 | 0 | 3 | 69 | 87 | -18 | 3 |
Dáta | Scór | Staid | Áit | ||
---|---|---|---|---|---|
27 Bealtaine | An Iodáil | 18–42 | Samó | Basil Kenyon Stadion | East London |
27 Bealtaine | An Airgintín | 18–24 | Sasana | Kings Park Stadion | Durban |
30 Bealtaine | An Airgintín | 26–32 | Samó | Basil Kenyon Stadion | East London |
31 Bealtaine | Sasana | 27–20 | An Iodáil | Kings Park Stadion | Durban |
4 Meitheamh | An Airgintín | 25–31 | An Iodáil | Basil Kenyon Stadion | East London |
4 Meitheamh | Sasana | 44–22 | Samó | Kings Park Stadion | Durban |
Grúpa CCuir in Eagar
Áit | Tír | Cluichí | Pointí | Pointí | |||||
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
Imeartha | Buaite | Comhscóir | Caillte | Scóráilte | I gcoinne | +/- | |||
1 | An Nua-Shéalainn | 3 | 3 | 0 | 0 | 222 | 45 | 177 | 9 |
2 | Éire | 3 | 2 | 0 | 1 | 93 | 94 | -1 | 7 |
3 | An Bhreatain Bheag | 3 | 1 | 0 | 2 | 89 | 68 | 21 | 5 |
4 | An tSeapáin | 3 | 0 | 0 | 3 | 55 | 252 | -197 | 3 |
Dáta | Scór | Staid | Áit | ||
---|---|---|---|---|---|
27 Bealtaine | An tSeapáin | 10–57 | An Bhreatain Bheag | Vrystaat Stadion | Bloemfontein |
27 Bealtaine | Éire | 19–43 | An Nua-Shéalainn | Ellispark | Johannesburg |
31 Bealtaine | Éire | 50–28 | An tSeapáin | Vrystaat Stadion | Bloemfontein |
31 Bealtaine | An Nua-Shéalainn | 34–9 | An Bhreatain Bheag | Ellispark | Johannesburg |
4 Meitheamh | An tSeapáin | 17–145 | An Nua-Shéalainn | Vrystaat Stadion | Bloemfontein |
4 Meitheamh | Éire | 24–23 | An Bhreatain Bheag | Ellispark | Johannesburg |
Grúpa DCuir in Eagar
Áit | Tír | Cluichí | Pointí | Pointí | |||||
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
Imeartha | Buaite | Comhscóir | Caillte | Scóráilte | I gcoinne | +/- | |||
1 | An Fhrainc | 3 | 3 | 0 | 0 | 114 | 47 | 67 | 9 |
2 | Albain | 3 | 2 | 0 | 1 | 149 | 27 | 122 | 7 |
3 | Tonga | 3 | 1 | 0 | 2 | 44 | 90 | -46 | 5 |
4 | An Cósta Eabhair | 3 | 0 | 0 | 3 | 29 | 172 | -143 | 3 |
Dáta | Scór | Staid | Áit | ||
---|---|---|---|---|---|
26 Bealtaine | An Fhrainc | 38–10 | Tonga | Loftus Versfeld | Pretoria |
26 Bealtaine | An Cósta Eabhair | 0–89 | Albain | Olympiapark | Rustenburg |
30 Bealtaine | An Fhrainc | 54–18 | An Cósta Eabhair | Olympiapark | Rustenburg |
30 Bealtaine | Albain | 41–5 | Tonga | Loftus Versfeld | Pretoria |
3 Meitheamh | An Cósta Eabhair | 11–29 | Tonga | Olympiapark | Rustenburg |
3 Meitheamh | An Fhrainc | 22–19 | Albain | Loftus Versfeld | Pretoria |
Babhtaí deiridhCuir in Eagar
Cluichí ceathrú ceannais | Cluichí leathcheannais | Cluiche ceannais | ||||||||
10 Meitheamh, Johannesburg | ||||||||||
An Afraic Theas | 42 | |||||||||
17 Meitheamh, Durban | ||||||||||
Samó | 14 | |||||||||
An Afraic Theas | 17 | |||||||||
10 Meitheamh, Durban | ||||||||||
An Fhrainc | 15 | |||||||||
An Fhrainc | 36 | |||||||||
24 Meitheamh, Johannesburg | ||||||||||
Éire | 12 | |||||||||
An Afraic Theas (a.b.) | 18 | |||||||||
11 Meitheamh, Cape Town | ||||||||||
An Nua-Shéalainn | 15 | |||||||||
Sasana | 25 | |||||||||
18 Meitheamh, Cape Town | ||||||||||
An Astráil | 22 | |||||||||
Sasana | 29 | Tríú hÁit | ||||||||
11 Meitheamh, Pretoria | ||||||||||
An Nua-Shéalainn | 45 | 22 Meitheamh, Pretoria | ||||||||
An Nua-Shéalainn | 48 | |||||||||
An Fhrainc | 19 | |||||||||
Albain | 30 | |||||||||
Sasana | 9 | |||||||||
Curaidh rugbaí an Domhain 1995 |
---|
AN AFRAIC THEAS An chéád chraobh |
Scórálaithe is móCuir in Eagar
PointíCuir in Eagar
Scóráladh 1730 pointe san iomlán, sin 54 ar an meán in aghaidh an chluiche.
Ainm | Tír | Pointí |
---|---|---|
Thierry Lacroix | An Fhrainc | 112 |
Gavin Hastings | Albain | 104 |
Andrew Mehrtens | An Nua-Shéalainn | 84 |
ÚidCuir in Eagar
Scóráladh 187 n-úd san iomlán, sin 6 úd ar an meán in aghaidh an chluiche.
Ainm | Tír | Úid |
---|---|---|
Jonah Lomu | An Nua-Shéalainn | 7 |
Mark Ellis | An Nua-Shéalainn | 7 |
Gavin Hastings | Albain | 5 |
Rory Underwood | Sasana | 5 |