Polaiteoir as an Afraic Theas ab ea Nelson Rolihalahla Mandela (rugadh é ar an 18 Iúil 1918 - 5 Nollaig 2013).[1] Ba eisean an chéad uachtarán a toghadh sa tír seo i dtoghchán lán-daonlathach. Roimhe seo, ba ghníomhaí frith-Apairtéid é, a bhí ina cheannaire ar an gComhdháil Náisiúnta Afracach.[2] Chaith Mandela an tréimhse idir na blianta 1962 agus 1990 i bpríosún ar Oileán Robben.

Nelson Mandela
Nelson Mandela 1994.jpg
ball de Thionól Náisiúnta na hAfraice Theas


10. Uachtarán na hAfraice Theas

Bealtaine 10, 1994 - Meitheamh 14, 1999
Frederik Willem de Klerk - Thabo Mbeki
19. Ard-Rúnaí na Gluaiseachta Neamhailínithe

Meán Fómhair 2, 1998 - 1999
Andrés Pastrana Arango - Thabo Mbeki
Saol
Ainm iomlánRolihllahla Mandela
Eolas breitheMvezo (en) Aistrigh, 18 Iúil 1918
NáisiúntachtAn Afraic Theas
Áit chónaitheHoughton Estate (en) Aistrigh
Teanga dhúchaisAn Chóisis
BásHoughton Estate (en) Aistrigh, 5 Nollaig 2013
Áit adhlacthaQunu (en) Aistrigh
Cúis bháis (galar riospráide)
Muintir
AthairGadla Henry Mphakanyiswa
MáthairNosekeni Fanny
Céile/CéilíEvelyn Mase  (Deireadh Fómhair 5, 1944 -  Márta 19, 1957)
Winnie Madikizela-Mandela  (Meitheamh 14, 1958 -  Márta 19, 1996)
Graça Machel  (Iúil 18, 1998 -  Nollaig 5, 2013)
Páistí
Teaghlach
liosta iomláin
Oideachas
Alma materOllscoil Witwatersrand
Ollscoil na hAfraice Theas Baitsiléir Ealaíon
Ollscoil Fort Hare
Ollscoil Londan
Teangachaan Béarla
An Chóisis
Gairm
Gairmpolaiteoir, dírbheathaisnéisí, dlíodóir, gníomhaí polaitiúil agus príosúnach polaitíochta
Saothar iomráiteachLong Walk to Freedom (en) Aistrigh
Duaiseanna
Jawaharlal Nehru Award for International Understanding : Indian Council for Cultural Relations (en) Aistrigh  (1979)
Duais Nobel na Síochána  (1993)
Grandmaster of the Order of Good Hope
Platinum Order of Mapungubwe : Thabo Mbeki  (Nollaig 10, 2002)
enllaç= Gold Olympic Order  (1994)
enllaç= Ord Leinín  (1990)
Princess of Asturias Award for International Cooperation  (1992)
enllaç= Presidential Medal of Freedom  (Bealtaine 5, 1999)
enllaç= Grand Cross of the Order of the Aztec Eagle  (Meitheamh 11, 2010)
enllaç= Order of the Elephant  (Feabhra 18, 1996)
enllaç= Order of the Gold Lion of the House of Nassau  (Márta 10, 1999)
enllaç= Grand Cross of the National Order of Mali
enllaç= Knight Grand Cross of the Order of St. Olav‎  (1998)
enllaç= Royal Order of the Seraphim  (Márta 3, 1997)
enllaç= Order of Prince Yaroslav the Wise, 1st class  (Bealtaine 5, 1999)
enllaç= Order of Merit  (1995)
enllaç= Order of Saint John  (2004)
honorary Canadian citizenship
Lenin Peace Prize  (1990)
Duais Sakharov  (1988)
Honorary Companion of the Order of Canada  (Meán Fómhair 24, 1998)
enllaç= Collar of the Order of Isabella the Catholic‎  (1999)
enllaç= Order of Augusto César Sandino
Mo Ibrahim Prize for Achievement in African Leadership  (2007)
Bruno Kreisky Award for Services to Human Rights
United Nations Prize in the Field of Human Rights  (1988)
Félix Houphouët-Boigny Peace Prize  (1991)
Four Freedoms Award - Freedom Medal
enllaç= Philadelphia Liberty Medal
enllaç= Bharat Ratna
Al-Gaddafi International Prize for Human Rights
Giuseppe Motta Medal  (2006)
Arthur Ashe Courage Award
Ludovic-Trarieux International Human Rights Prize  (1985)
Ahimsa Award
Delta Prize for Global Understanding
enllaç= Grand Collar of the Order of Prince Henry
Ambassador of Conscience Award  (2006)
Congressional Gold Medal
enllaç= Great Nile necklace  (1997)
enllaç= Order of Friendship
Fulbright Prize  (1993)
Gandhi Peace Prize  (2000)
International Simón Bolívar Prize  (1983)
enllaç= Order of Friendship  (Meitheamh 22, 1988)
enllaç= Star of People's Friendship  (1988)
honorary doctor of the University of Madrid Complutense  (1991)
enllaç= Order of the Companions of O. R. Tambo
enllaç= Isitwalandwe Medal
enllaç= Queen Elizabeth II Golden Jubilee Medal
enllaç= Order of Stara Planina
enllaç= Nishan-e-Pakistan
enllaç= Order of Playa Girón
enllaç= Order of José Martí  (1991)
enllaç= Order of Jamaica
enllaç= Order of the Star of Ghana
enllaç= Order of the Smile
enllaç= Order of Agostinho Neto
honorary doctor of the Autonomous University of Barcelona
honorary citizen of Paris  (2013)
honorary doctorate of the University of Las Palmas, Gran Canaria  (2010)
Alan Paton Award  (1995) : Long Walk to Freedom (en) Aistrigh
honorary doctor of the University of Hong Kong
honorary doctor of the Peking University  (1992)
enllaç= Grand Cross of the Order of Liberty
Honorary Doctor at Karolinska Institutet  (Bealtaine 13, 2005)
honorary doctor of the University of Calcutta
honorary doctor of the University of Pretoria
Honorary doctor of Leiden University  (1999)
Bailiff Grand Cross of the Order of Saint John
enllaç= Honorary Companion of the Order of Australia  (Meitheamh 14, 1999)
honorary doctor of the Howard University
enllaç= Order of the Lion : Bakili Muluzi  (2002)
honorary doctorate of the Vrije Universiteit Brussel  (1993)
BallraíochtAcadamh Ealaíona agus Eolaíochtaí Mheiriceá
Cleamhnú
ReiligiúinModhachas
Páirtithe polaitíochtaAn Chomhdháil Náisiúnta Afracach
South African Communist Party (en) Aistrigh
IMDbnm0541691
nelsonmandela.org
Discogs ID83165
TwitterNelsonMandela
Nelson Mandela Signature.svg

Bronnadh Duais Nobel na Síochána ar Mandela, nó Madiba mar a thugtar air freisin san Afraic Theas, sa bhliain 1993.

LuathshaolCuir in Eagar

Sa bhliain 1948 bhí toghchán san Afraic Theas, am a raibh an chinedheighilt fós i bhfeidhm. Ní raibh cead vótála ag na daoine gorma. Mar sin bhí an chumhacht ag na daoine geala.

Ag an am sin ní raibh cead ag daoine gorma agus daoine geala pósadh lena chéile. Agus bhí bac ar ghnáth rudaí, ar nós na suíocháin chéanna a úsáid.

San ollscoil, bhuail Nelson le daoine geala. Bhuail sé freisin le Joe Slovo[3], Walter Sisulu agus Oliver Tambo, daoine a raibh na smaointe céanna acu agus a bhí ag Nelson féin. Theastaigh uathu na dlíthe diana seo a athrú chomh maith.

 
1937

Sa bhliain 1953 thosaigh Mandela ag cleachtadh na dlí. Bhunaigh sé, in éineacht le hOliver Tambo, an chéad dlí-ghnólacht san Afraic Theas a raibh daoine gorma ina bhun.

Bhí sé ina dhlíodóir i Johannesburg den chuid is mó sna 1950í, go dtí gur sháraigh an bhaint a bhí aige leis an gComhdháil Náisiúnta Afracach air sin.

 
Nelson Mandela agus a chéad bhean , Evelyn, sa bhliain 1944

FrithbheartaíochtCuir in Eagar

Chuaigh Nelson agus a chairde ar stailc sa bhliain 1960 i Johannesburg. Dá bhrí sin cuireadh Nelson ar triail (don chéad uair), ach níor tugadh aon phionós dó.

Sa bhliain 1962 cuireadh Mandela ar triail arís. Chaith sé fionnadh liopaird chuig an chúirt agus rinne sé ‘salute’ go dtí na daoine gorma agus scread amach ‘amadla’.

Cuireadh Mandela faoi ghlas ón mbliain 1962 go dtí 1990. Chuaigh sé ar ais go dtí an chúirt sa bhliain 1964. Dúirt sé go raibh an rialtas freagrach as na drochimeachtaí sa tír. Cuireadh ar ais sa phríosún é. Chaith sé an chuid is mó den am i gcill bheag amháin, ar Oileán Robben.

Agus é faoi ghlas ag an réimeas apartheid ó 1962 go dtí 1990, fuair sé céim LLB ó Ollscoil Londain, trí chúrsa comhfhreagrais de chuid Halla Wolsey, Oxford. Thug sé faoi sin, ó am go chéile, nach mór an tréimhse ar fad a bhí sé i bpríosún.

 
Teach Mandela i Soweto

UachtaránCuir in Eagar

Scaoileadh Mandela ón bpríosún ar an 11 Feabhra 1990, tar éis  27 bliain.

Ar 27 Aibreán 1994 tháinig daoine geala agus gorma le chéile agus vótáil siad Nelson mar uachtarán na hAfraice Theas. Ba é Mandela an chéad uachtarán ar an tír a toghadh i dtoghchán daonlathach. Uachtarán rathúil ab ea é ach níor ghlac sé páirt sa toghchán sa bhliain 1999 mar theastaigh uaidh go mbeadh duine níos óige mar uachtarán. Fuair sé bás ar an 5 Nollaig 2013.

 
1993, F.W. de Klerk, a chlé agus Nelson Mandela, Philadelphia, Pennsylvania

Léirítear oiliúint Mandela sa dlí agus an taithí a bhí aige air sa spéis domhain a bhí aige i ndréachtú Bhunreacht na hAfraice Theas agus i mbunú na Cúirte Bunreachtúla—dhá ghné ríthábhachtacha den Afraic Theas nua, dar le Mandela.[4]

Mandela agus ÉireCuir in Eagar

Bhí gaol láidir idir Mandela agus Éire.

Bhronn Baile Átha Cliath saoirse na cathrach ar Nelson Mandela sa bhliain 1988. Bhí sé i bpríosún ag an am ach thug a bhean chéile Winnie cuairt ar Éirinn. Roghnaigh Mandela an ócáid seo mar a chéad sheans i 26 mbliana teagmháil a dhéanamh leis an domhan mór.[5]

 
Dealbh i Londain.

Tháinig Nelson Mandela ar cuairt go hÉirinn trí huaire:[6]

1990 – tar éis teacht amach ón bpríosún dó. Ní raibh sé i bhfad i ndiaidh a shaoirse a bhaint amach gur thaisteal sé go hÉirinn le buíochas a ghabháil le daoine.

2000 – le céim a fháil ó Coláiste na Tríonóide agus óráid a thabhairt sa Dáil.

2003 – don Comórtas Domhanda Samhraidh na gCluichí Oilimpeacha Speisialta.[7] Bhronn Ollscoil na Gaillimhe céim air Bhain sé úsáid as an ócáid le tabhairt amach faoi úsáid aerfort na Sionainne ag eitleáin SAM a bhí ag glacadh páirt i gcogadh George Bush ar an Iaráic.

Féach freisinCuir in Eagar

Joe Slovo

Apairtéid

TagairtíCuir in Eagar

  1. cogg.ie. "Mandela - Taisce Tuisceana". Dáta rochtana: 2020.
  2. ccea.org.uk. "Mandelaː Beatha le Bua". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-05-01. Dáta rochtana: 2020.
  3. bhuail sé le Slovo ag ollscoil Witwatersrand sa bhliain 1943
  4. Scoil Dlí, COBÁC. "Mandela". Dáta rochtana: 2020.
  5. "Gan-rang | abairliom | Leathanach 2" (ga). Dáta rochtana: 2019-06-22.
  6. "Bás | ancroiait" (en). Dáta rochtana: 2019-06-22.
  7. Special Olympics (2013-06-27). "Nelson Mandela at Special Olympics World Summer Games, Dublin, Ireland 2003".