Bailecheantar (nó "township" i mBéarla) de chuid Johannesburg in Gauteng, san Afraic Theas is ea Soweto. Tagann an t-ainm Soweto as "South Western Townships".

WD Bosca Tíreolaíocht FhisiceachSoweto
Íomhá
CineálSouth African township (en) Aistrigh agus cathair Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Limistéar riaracháinCity of Johannesburg Metropolitan Municipality, An Afraic Theas (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 26° 16′ 04″ S, 27° 51′ 31″ E / 26.2678°S,27.8586°E / -26.2678; 27.8586
Tréithe
Airde os cionn na farraige1,632 m Cuir in eagar ar Wikidata
Achar200 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Dáta a bunaíodh1963 Cuir in eagar ar Wikidata

Tá Soweto ag críochantacht le crios mianadóireachta na cathrach ar an taobh theas.

Bhíodh Soweto ina bhardasacht féin, ach cuireadh isteach é i mBardasacht Meitreapholaiteach Chathair Johannesburg.

Bhí 1,271,628 duine ina gcónaí in Soweto sa bhliain 2011. Zulu an teanga dhúchasach is coitianta in Soweto agus í mar mháthairtheanga ag 37% den phobal. Sotho a bhí ag 16%, Tswana ag 13%, Tsonga ag 9%, agus teangacha eile ag 26%.

bailecheantar Soweto

Sa bhliain 1976 d'éirigh daltaí gorma meánscoile amach in Soweto mar agóid i gcoinne úsáid na hAfracainise mar theanga theagaisc in áit an Bhéarla. Ach b'agóid pholaitiúil í sin, agus is beag baint a bhí aici le labhairt na teanga sna ceantair ar láidre í.[1] Maraíodh breis is 176 in Soweto ar 16 Meitheamh 1976.[2]

Bhí an cath in aghaidh na cinedheighilte i gcomhfhios don saol mór ón lá sin amach. Tháinig ardú tuisceana dá bharr, agus theip ar an Apartheid de bharr dhásacht an phobail sna blianta ina dhiaidh sin.

Féach freisin

cuir in eagar

Ciréib Soweto

 
Cuimhneachán Hector Pieterson (maraíodh é ar 16 Meitheamh 1976), Soweto Memorial
  1. "NÓS 43 - Aibreán 2014" (en). Issuu. Dáta rochtana: 2019-06-16.
  2. "Soweto uprising" (as en) (2019-06-16). Wikipedia.