An tSúlúis
Ceann de na teangacha i gcraobh Nguni na dteangacha Bantúcha í an tSúlúis, nó isiZulu, mar a deir lucht labhartha na teanga féin. Tá sí ó dhúchas ag deich milliún duine, an chuid is mó acu san Afraic Theas, go háirithe i gCúige KwaZulu-Natal. Glactar leis, áfach, go bhfuil duine as gach beirt san Afraic Theas in ann adhmad éigin a bhaint as caint Súlúise. Sa bhliain 1994, bronnadh stádas oifigiúil ar an tSúlúis san Afraic Theas in éineacht le deich dteanga eile.
isiZulu | |
---|---|
Cineál | teanga agus teanga bheo |
Úsáid | |
Cainteoirí dúchais | 12,100,000 (2019) |
Dúchasach do | Gauteng (en) , Mpumalanga (en) agus KwaZulu-Natal |
Stáit | Leosóta, Poblacht Mhósaimbíc agus an Afraic Theas |
Aicmiú teangeolaíoch | |
teanga dhaonna teangacha Nígir-Congó teangacha Atlantach-Congó teangacha Volta-Congó teangacha Benue-Congó teangacha Bantóideacha teangacha Bantóideacha Deisceartacha teangacha Bantúcha teangacha Bantúcha Oirthearacha Southern Bantu (en) Nguni (en) | |
Tréithe | |
Córas scríbhneoireachta | aibítir Laidineach |
Institiúid caighdeánaithe | Pan South African Language Board (en) |
Cóid | |
ISO 639-1 | zu |
ISO 639-2 | zul |
ISO 639-3 | zul |
Glottolog | zulu1248 |
Linguasphere | 99-AUT-fg |
Ethnologue | zul |
ASCL | 9213 |
IETF | zu |
Tá an tSúlúis ar an dara ceann is mó a labhraítear de na teangacha Bantúcha. Níl ach an teanga Shona, príomhtheanga na Siombáibe, níos mó ná an tSúlúis ó thaobh líon na gcainteoirí de. Leis na litreacha Laidineacha a scríobhtar an tSúlúis, agus cosúil leis na teangacha Bantúcha eile san Afraic Theas, bhí sí go mór mór faoi thionchar na teanga Xhosa.
Tá an tSúlúis réasúnta cosúil leis na teangacha Bantúcha eile, is é sin, tá réimír rangúcháin i dtús gach ainmfhocal, agus cuirtear an réimír chéanna leis na haidiachtaí agus na foirmeacha briathair atá faoi réir an ainmfhocail san abairt:
- Bonke abantu abaqatha basepulazini bayagawula.
- "Tá fir láidre na feirme go léir amuigh ag leagan crann."
- (Is é abantu (na fir, na daoine) an t-ainmfhocal, agus aba (nó ba, b ag cineálacha áirithe focal) an réimír.)
Tagairtí
cuir in eagarIs síol faoi theangacha é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |