Pearsa mór le rá sa Chomhdháil Náisiúnta Afracach (CNA), agus comhpháirtí dlí le Nelson Mandela, ab ea Oliver TamboO. R. Tambo (27 Deireadh Fómhair 191724 Aibreán 1993).[1][2] Chaith Tambo tríocha bliain ar deoraíocht.

Infotaula de personaOliver Tambo

(1981) Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(en) Oliver Reginald Tambo
Beathaisnéis
Breith27 Deireadh Fómhair 1917
Bardas Áitiúil Winnie Madikizela-Mandela, An Afraic Theas Cuir in eagar ar Wikidata
Bás24 Aibreán 1993
75 bliana d'aois
Johannesburg, An Afraic Theas Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Stróc)
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Fort Hare
St. Martin's School (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmpolaiteoir, dlíodóir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaAn Chomhdháil Náisiúnta Afracach Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Teaghlach
CéileAdelaide Tambo Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteDali Tambo, Oliver Tambo, Jr. Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

Saol cuir in eagar

 
1981
 
1983

Céimí san fhisic agus sa mhatamaitic de chuid Ollscoil Fort Hare (BSc 1941), chuaigh Tambo leis an múinteoireacht ar dtús (HDip 1942). Bhí Tambo, Mandela agus Walter Sisulu i measc glúin nua ceannairí ní ba mhíleataí de chuid an CNA a raibh dlúthbhaint acu leis an dlíodóir agus gníomhaí tarraingteach Anton Lembede (1913-47) a chuir Conradh Óige an CNA ar bun sa bhliain 1944.

 
Aerfort Idirnáisiúnta O. R. Tambo, i Johannesburg

Cé go raibh an-rath ar Tambo mar mhúinteoir i Scoil Naomh Pádraig i Johannesburg, d'athraigh teacht i gcumhacht an Pháirtí Náisiúnta sa bhliain 1948 treo a shlí beatha. Ós rud é go raibh ar an ngnáthphobal dul i ngleic leis an gcual reachtanna agus rialachán a bhí ag teastáil leis an gcinedheighilt a chur i bhfeidhm, shocraigh Tambo go ba cheart dó a bheith ina dhlíodóir d'fhonn an fód a sheasamh in aghaidh an réimis nua.

Tar éis dó staidéar a dhéanamh ar an dlí trí chúrsa comhfhreagrais, bhain Tambo cáilíocht amach mar dhlíodóir sa bhliain 1951. An bhliain dár gcionn chuaigh sé i gcomhpháirtíocht le Nelson Mandela, chun an comhlacht 'Mandela agus Tambo' a chur ar bun. Chomh maith leis an dlíodóireacht, bhí an gnólacht ina lárionad le haghaidh shaol polaitiúil, intleachtúil agus cultúrtha dhaoine gorma na hAfraice Theas.[1]

Gníomhaí cuir in eagar

Rinneadh ardrúnaí an CNA de Tambo sa bhliain 1955 agus a Leas-Uachtarán sa bhliain 1959. Nuair a cuireadh cosc ar an CNA i mí Aibreáin 1960, thug an ANC ordú do Tambo an Afraic Theas a fhágáil chun páirt a ghlacadh i gceannaireacht ar deoraíocht.

 

Ar feadh tríocha bliain ina dhiaidh sin, d'eagraigh Tambo tacaíocht idirnáisiúnta don chath in aghaidh na cinedheighilte, ag lorg smachtbhannaí eacnamaíocha ar an réimeas ach go háirithe.

 
Dealbh bhrád

Rinneadh Uachtarán an CNA de sa bhliain 1967 (post a choimeád sé go 1991.) Mar sin, bhí sé ina ardcheannasaí ar Umkhonto we Sizwe (MK), eite mhíleata an ANC.

Chomh maith le freagracht a ghlacadh as oibríochtaí míleata de chuid MK, bhí air díriú ar threascairtí ar chearta an duine laistigh den eagraíocht. Ba é sin ceann de na fáthanna a rinne an CNA athbhreithniú ar an tábhacht a bhainfeadh le cosaintí do chearta an duine san Afraic Theas daonlathach a bheadh ann ina dhiaidh sin.[1]

Filleadh cuir in eagar

D'fhill Tambo ar an Afraic Theas sa bhliain 1990 chun rialtas nua a bhunú. Ghlac sé páirt, sa mhéid gurbh fhéidir leis i bhfianaise a dhrochshláinte, in athrú na hAfraice Theas i dtír daonlathach. Chuir sé béim ar an ngá a bhí leis an daonlathas ilpháirtí, le forlámhas an dlí agus le cearta an duine (cearta na mban, cearta na leanaí agus cearta dhaoine LADT san áireamh.)

Bás agus oidhreacht cuir in eagar

Bhuail stróc tromchúiseach é ar 23 Aibreán 1993. Fuair sé bás an lá dár gcionn, beagán níos mó ná bliain roimh an sprioc thábhachtach ar dhírigh sé uirthi ar feadh an oiread sin ama, an chéad ollthoghchán daonlathach san Afraic Theas.[1]

Comórtar Tambo trí ainmniú Aerfort Idirnáisiúnta O. R. Tambo, i Johannesburg.

 
51 Alexandra Park Road, Muswell Hill, London N10 2DG

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 Scoil Dlí, COBÁC (2019). "O. R. Tambo". Dáta rochtana: 2021.
  2. "Obituary: Oliver Tambo" (en). The Independent (2011-09-18). Dáta rochtana: 2021-04-24.