Corn an Domhain sa Rugbaí 2023
Is é Corn an Domhain sa Rugbaí 2023 an 10ú huair a eagraíodh Corn Rugbaí an Domhain, a reáchtáladh 8 Meán Fómhair - 28 Deireadh Fómhair 2023, sa Fhrainc agus 20 foireann rannpháirteach ann. Bhuaigh foireann na hAfraice Theas Corn Rugbaí an Domhain 2023, den 4ú huair riamh, an 4ú uair i stair an chomórtais a chroch captaein dá gcuid Corn an Webb Ellis.
Cáiliúcháin
cuir in eagarCháiligh 12 fhoireann a bhuí lena n-áit deiridh i gCorn Rugbaí an Domhain 2019, agus cháiligh ocht bhfoireann ó bhabhtaí cáiliúcháin. Bhuaigh an Afraic Theas an Corn sa bhliain 2019; bhí tír amháin, an tSile, ag glacadh páirte don chéad uair sa chomórtas in 2023.
Ar dtús, bhí sé beartaithe go mairfeadh an comórtas ar feadh sé seachtaine, ach i mí Feabhra 2021, chuir World Rugby seachtain leis chun laethanta scíthe breise a sholáthar do leas na n-imreoirí. Mar sin bhí ar a laghad cúig lá de scíthe ag na foirne do gach cluiche.
Na cluichí
cuir in eagarImríodh an chéad cluiche sa Stade de France, ó thuaidh de Pháras, idir an Fhrainc agus an Nua-Shéalainn ar 8 Meán Fómhair.
An lá dár gcionn, fuair foireann na hÉireann an bua ba mhó riamh sa chomórtas. Scóráil an Rómáin úd go luath sa chéad leath ach d'fhreagair foireann na hÉireann le dhá úd déag; 82 pointe in aghaidh 8 bpointe an scór ag an deireadh. Fuair Johnny Sexton féin 24 phointe sa chluiche, (agus níos mó pointí scóráilte aige sa chomórtas ná aon imreoir Éireannach eile). Bhí Sexton 38 mbliana d'aois ag an am, agus é ag teacht i dtreo dheireadh a ghairme imeartha.[2]
Ar 10 Meán Fómhair, d'éirigh leis an Afraic Theas an ceann is fearr a fháil ar Albain i Marseilles.[1] Trí chúílín a scóráil na hAlbanaigh i gcaitheamh an 80 nóiméad+ a himríodh, bhí 18 ar chlár na scór ag na Springboks.
D'imir Éire in aghaidh Tonga ar 16 Meán Fómhair i gcathair Nantes; bhuail Éirinn Tonga 59-16. Scóráil Éirinn 8 n-úd ar fad sa chluiche [3]
Bhí bua éasca ag an Afraic Theas in aghaidh na Rómáine ar 17 Meán Fómhair; 76-0 an scór deiridh i gcathair Bordeaux. an Rómáin;
Ar 24 Meán Fómhair, fuair imreoirí Andy Farrell an ceann is fearr ar churaithe an domhain i bPáras; bhí 5 phointe le spáráil ag ÉIre ar an Afraic Theas i gcluiche crua teann sa Stade de France. 13-8 an scór deiridh sa gcluiche seo i bPúl B.[4]
Ar 29 Meán Fómhair, bhí na All Blacks buacach go réidh in aghaidh na hIodáile; 96-17 an scór deiridh agus scóráil na Kiwis 14 úd ar fad.[5]
Bhí bua éasca ag Albain in aghaidh na Rómáine ar 30 Meán Fómhair; 84-0 an scór deiridh a bhí ann, Albain ag scóráil leath a bpointí sa chéad leath agus an leath eile scórála ag teacht i ndiaidh an bhrisidh.[6]
Bhí bua éasca ag Éire in aghaidh na hAlban chomh maith ar 7 Deireadh Fómhair; fiú má d'éirigh leis na hAlbanaigh 2 úd a scóráil agus iad a shlánú dá réir sa dara leath ní raibh na hÉireannaigh le sárú agus bhuaigh ar deiridh 36-14. D'fhág an bua seo Éirinn ag buachan Phúil B. Bhain Éire áit amach mar sin sna babhtaí ceathrú ceannais de Chorn an Domhain.[7]
Ní raibh bua éasca ag Sasana in aghaidh Shamó ar 7 Deireadh Fómhair; 18-17 an scór deiridh.
Céimeanna díbeartha
cuir in eagarAr 14 Deireadh Fómhair, bhí crá croí ag na hÉireannaigh agus iad ag cailleadh i gcoinne na All Blacks, 24 - 28, ainneoin a gcuid iarrachtaí chinn orthu úd cinniúnach a scóráil ar deiridh.[8][9]
Cháiligh Sasana don leathchraobh nuair a bhuail siadsan Fiji. Chlóígh An Airgintín an Bhreatain Bheag sa chluiche eile.
B'iad an Afraic Theas an ceathrú tír i le háit a bhaint amach i gCluiche Leathcheannnais de Chraobh Rugbaí an Domhain. Chloígh siad an fhoireann baile i bPáras, An Fhrainc, leis an bhearna ba lú, 29-28.[10]
Ar 20 Deireadh Fómhair, bhí bua cuimsitheach ag an All Blacks ar an Airgintín sa Stade de France i bPáras, 44-6. B'iad rogha láidir na coitiantachta aréir iad agus ní raibh aon amhras ann ó thús deiridh nach iad a bheadh buacach. Scóráil na All Blacks 7 n-úd ar fad, 3 cinn ó Will Jordan.
D'éirigh le Springboks na hAfraice Theas an lámh in uachtar a fháil ar a gcéillí comhraic, Sasana ar 21 Deireadh Fómhair. Bhí an bhearna ba lú ar deiridh idir na foirne, 16 ag an Afraic Theas,15 ag Sasana.[11]
Ar 28 Deireadh Fómhair, thug na Springboks aghaidh ar All Blacks na Nua Shéalainne sa chluiche ceannais de Chorn Webb Ellis. D'éirigh an Afraic Theas seaimpíní rugbaí an domhain don 4ú huair riamh. Farasbarr aon phointe amháin 12-11 a bhí ag an Afraic Theas ar deiridh, an bhearna chéanna a bhí idir iad féin agus a gcéilí comhraic sa chluiche leathcheannais agus ceathrú ceannais.[12]
Babhta na nGrúpaí
cuir in eagarDáileadh an bhfoirne | ||||
---|---|---|---|---|
Pota 1 | Pota 2 | Pota 3 | Pota 4 | Pota 5 |
An Afraic Theas An Nua-Shéalainn Sasana An Bhreatain Bheag |
Éire An Astráil An Fhrainc An tSeapáin |
Albain An Airgintín Fidsí An Iodáil |
Samó An tSeoirsia Uragua Tonga |
Eochair do na dathanna sna táblaí atá thíos | |
---|---|
Cáilithe don cluiche ceathrú ceannais agus Corn an Domhain sa Rugbaí 2027 | |
Díbeartha ach cáilithe do Corn an Domhain sa Rugbaí 2027 |
Grúpa A
cuir in eagarFoireann | Im
|
B
|
Cs
|
C
|
ÚS
|
ÚC
|
PS
|
PC
|
+/-
|
PB
|
Ptí
|
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
An Fhrainc | 4 | 4 | 0 | 0 | 27 | 5 | 210 | 32 | +178 | 2 | 18 |
An Nua-Shéalainn | 4 | 3 | 0 | 1 | 38 | 4 | 253 | 47 | +206 | 3 | 15 |
An Iodáil | 4 | 2 | 0 | 2 | 15 | 25 | 114 | 181 | -67 | 2 | 10 |
Uragua | 4 | 1 | 0 | 3 | 9 | 21 | 65 | 164 | -99 | 1 | 5 |
An Namaib | 4 | 0 | 0 | 4 | 3 | 37 | 37 | 255 | -218 | 0 | 0 |
8 Meán Fómhair 2023 | An Fhrainc | 27-13 | An Nua-Shéalainn | Stade de France, Saint-Denis |
9 Meán Fómhair 2023 | An Iodáil | 52-8 | An Namaib | Stade Geoffroy Guichard, Saint-Étienne |
14 Meán Fómhair 2023 | An Fhrainc | 27-12 | Uragua | Stade Pierre-Mauroy, Lille |
15 Meán Fómhair 2023 | An Nua-Shéalainn | 71-3 | An Namaib | Stadium de Toulouse, Toulouse |
20 Meán Fómhair 2023 | An Iodáil | 38-17 | Uragua | Allianz Riviera, Nice |
21 Meán Fómhair 2023 | An Fhrainc | 96-0 | An Namaib | Stade Vélodrome, Marseille |
27 Meán Fómhair 2023 | Uragua | 36-26 | An Namaib | Parc Olympique Lyonnais, Décines-Charpieu |
29 Meán Fómhair 2023 | An Nua-Shéalainn | 96-17 | An Iodáil | Parc Olympique Lyonnais, Décines-Charpieu |
5 Deireadh Fómhair 2023 | An Nua-Shéalainn | 73-0 | Uragua | Parc Olympique Lyonnais, Décines-Charpieu |
6 Deireadh Fómhair 2023 | An Fhrainc | 60-7 | An Iodáil | Parc Olympique Lyonnais, Décines-Charpieu |
Grúpa B
cuir in eagarFoireann | Im
|
B
|
Cs
|
C
|
ÚS
|
ÚC
|
PS
|
PC
|
+/-
|
PB
|
Ptí
|
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
Éire | 4 | 4 | 0 | 0 | 27 | 5 | 190 | 46 | +144 | 3 | 19 |
An Afraic Theas | 4 | 3 | 0 | 1 | 22 | 4 | 151 | 34 | +117 | 3 | 15 |
Albain | 4 | 0 | 0 | 2 | 21 | 10 | 146 | 71 | +75 | 2 | 10 |
Tonga | 4 | 1 | 0 | 3 | 13 | 25 | 96 | 177 | -81 | 1 | 5 |
An Rómáin | 4 | 0 | 0 | 4 | 4 | 43 | 32 | 287 | -255 | 0 | 0 |
9 Meán Fómhair 2023 | Éire | 82-3 | An Rómáin | Nouveau Stade de Bordeaux, Bordeaux |
10 Meán Fómhair 2023 | An Afraic Theas | 18-3 | Albain | Stade Vélodrome, Marseille |
16 Meán Fómhair 2023 | Éire | 59-16 | Tonga | Stade de la Beaujoire, Nantes |
17 Meán Fómhair 2023 | An Afraic Theas | 76-0 | An Rómáin | Nouveau Stade de Bordeaux, Bordeaux |
23 Meán Fómhair 2023 | An Afraic Theas | 8-13 | Éire | Stade de France, Saint-Denis |
24 Meán Fómhair 2023 | Albain | 45-17 | Tonga | Allianz Riviera, Nice |
30 Meán Fómhair 2023 | Albain | 84-0 | An Rómáin | Stade Pierre-Mauroy, Lille |
1 Deireadh Fómhair 2023 | An Afraic Theas | 49-18 | Tonga | Stade Vélodrome, Marseille |
7 Deireadh Fómhair 2023 | Éire | 36-14 | Albain | Stade de France, Saint-Denis |
8 Deireadh Fómhair 2023 | Tonga | 45-24 | An Rómáin | Stade Pierre-Mauroy, Lille |
Grúpa C
cuir in eagarFoireann | Im
|
B
|
Cs
|
C
|
ÚS
|
ÚC
|
PS
|
PC
|
+/-
|
PB
|
Ptí
|
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
An Bhreatain Bheag | 4 | 4 | 0 | 0 | 17 | 8 | 143 | 59 | +84 | 3 | 19 |
Fidsí | 4 | 2 | 0 | 2 | 9 | 9 | 88 | 83 | +5 | 3 | 11 |
An Astráil | 4 | 2 | 0 | 2 | 11 | 8 | 90 | 90 | -1 | 3 | 11 |
An Phortaingéil | 4 | 1 | 1 | 2 | 8 | 13 | 64 | 103 | -39 | 0 | 6 |
An tSeoirsia | 4 | 0 | 0 | 1 | 7 | 14 | 64 | 113 | -49 | 1 | 3 |
9 Meán Fómhair 2023 | An Astráil | 35-15 | An tSeoirsa | Stade de France, Saint-Denis |
10 Meán Fómhair 2023 | An Bhreatain Bheag | 32-26 | Fidsí | Nouveau Stade de Bordeaux, Bordeaux |
16 Meán Fómhair 2023 | An Bhreatain Bheag | 28-8 | An Phortaingéil | Allianz Riviera, Nice |
17 Meán Fómhair 2023 | An Astráil | 15-22 | Fidsí | Stade Geoffroy Guichard, Saint-Étienne |
23 Meán Fómhair 2023 | An tSeoirsa | 18-18 | An Phortaingéil | Stadium de Toulouse, Toulouse |
24 Meán Fómhair 2023 | An Bhreatain Bheag | 40-6 | An Astráil | Parc Olympique Lyonnais, Décines-Charpieu |
30 Meán Fómhair 2023 | Fidsí | 17-12 | An tSeoirsa | Nouveau Stade de Bordeaux, Bordeaux |
1 Deireadh Fómhair 2023 | An Astráil | 34-14 | An Phortaingéil | Stade Geoffroy Guichard, Saint-Étienne |
7 Deireadh Fómhair 2023 | An Bhreatain Bheag | 43-19 | An tSeoirsa | Stade de la Beaujoire, Nantes |
8 Deireadh Fómhair 2023 | Fidsí | 23-24 | An Phortaingéil | Stadium de Toulouse, Toulouse |
Grúpa D
cuir in eagarFoireann | Im
|
B
|
Cs
|
C
|
ÚS
|
ÚC
|
PS
|
PC
|
+/-
|
PB
|
Ptí
|
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
Sasana | 4 | 4 | 0 | 0 | 17 | 4 | 150 | 39 | +111 | 2 | 18 |
An Airgintín | 4 | 3 | 0 | 1 | 15 | 5 | 127 | 69 | +58 | 2 | 14 |
An tSeapáin | 4 | 2 | 0 | 2 | 12 | 14 | 109 | 104 | +5 | 1 | 9 |
Samó | 4 | 1 | 0 | 3 | 11 | 7 | 92 | 75 | +17 | 3 | 7 |
An tSile | 4 | 0 | 0 | 4 | 4 | 30 | 27 | 215 | -188 | 0 | 0 |
9 Meán Fómhair 2023 | Sasana | 27-10 | An Airgintín | Stade Vélodrome, Marseille |
10 Meán Fómhair 2023 | An tSeapáin | 42-12 | An tSile | Stadium de Toulouse, Toulouse |
16 Meán Fómhair 2023 | Samó | 43-10 | An tSile | Nouveau Stade de Bordeaux, Bordeaux |
17 Meán Fómhair 2023 | Sasana | 34-12 | An tSeapáin | Allianz Riviera, Nice |
22 Meán Fómhair 2023 | An Airgintín | 19-10 | Samó | Stade Geoffroy Guichard, Saint-Étienne |
23 Meán Fómhair 2023 | Sasana | 71-0 | An tSile | Stade Pierre-Mauroy, Lille |
28 Meán Fómhair 2023 | An tSeapáin | 28-22 | Samó | Stadium de Toulouse, Toulouse |
30 Meán Fómhair 2023 | An Airgintín | 59-5 | An tSile | Stade de la Beaujoire, Nantes |
7 Deireadh Fómhair 2023 | Sasana | 18-17 | Samó | Stade Pierre-Mauroy, Lille |
8 Deireadh Fómhair 2023 | An tSeapáin | 27-39 | An Airgintín | Stade de la Beaujoire, Nantes |
Comórtas díbeartha
cuir in eagarCeathrú Ceannais | Leathcheannais | Cluiche Ceannais | ||||||||
An Bhreatain Bheag | 17 | |||||||||
An Airgintín | 29 | |||||||||
An Airgintín | 6 | |||||||||
An Nua-Shéalainn | 44 | |||||||||
Éire | 24 | |||||||||
An Nua-Shéalainn | 28 | |||||||||
An Nua-Shéalainn | 11 | |||||||||
An Afraic Theas | 12 | |||||||||
Sasana | 30 | |||||||||
Fidsí | 24 | |||||||||
Sasana | 15 | Tríú hÁit | ||||||||
An Afraic Theas | 16 | |||||||||
An Fhrainc | 28 | An Airgintín | 23 | |||||||
An Afraic Theas | 29 | Sasana | 26 | |||||||
Cluichí Ceathrú Ceannais
cuir in eagar14 Deireadh Fómhair 2023 | An Bhreatain Bheag | 17-29 | An Airgintín | Stade Vélodrome, Marseille |
14 Deireadh Fómhair 2023 | Éire | 24-28 | An Nua-Shéalainn | Stade de France, Saint-Denis |
15 Deireadh Fómhair 2023 | Sasana | 30-24 | Fidsí | Stade Vélodrome, Marseille |
15 Deireadh Fómhair 2023 | An Fhrainc | 28-29 | An Afraic Theas | Stade de France, Saint-Denis |
Cluichí Leathcheannais
cuir in eagar20 Deireadh Fómhair 2023 | An Airgintín | 6-44 | An Nua-Shéalainn | Stade de France, Saint-Denis |
21 Deireadh Fómhair 2023 | Sasana | 15-16 | An Afraic Theas | Stade de France, Saint-Denis |
Tríú hÁit
cuir in eagar27 Deireadh Fómhair 2023 | An Airgintín | 23-26 | Sasana | Stade de France, Saint-Denis |
Cluiche Ceannais
cuir in eagar28 Deireadh Fómhair 2023 | An Nua-Shéalainn | 11-12 | An Afraic Theas | Stade de France, Saint-Denis |
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ 1.0 1.1 Nuacht RTÉ (2023-09-10). "An Afraic Theas buacach sa chorn mór rugbaí" (as ga).
- ↑ Conradh na Gaeilge, Londain (
- 16 Meán Fómhair 2023). "Nuacht Mhall (Tír Eoghain)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2023-09-19.
- ↑ Nuacht RTÉ (2023-09-16). "Imreoirí rugbaí na tíre seo buacach i Nantes" (as ga).
- ↑ Nuacht RTÉ (2023-09-24). "Na hÉireannaigh ag ceilúradh i bPáras" (as ga-IE).
- ↑ Nuacht RTÉ (2023-09-30). "All Blacks buacach go réidh in aghaidh na hIodáile" (as ga).
- ↑ Nuacht RTÉ (2023-10-01). "D'fhéadfadh Albain a bheith ina ndris casáin d'Éirinn sa chraobh" (as ga-IE).
- ↑ Nuacht RTÉ (2023-10-08). "Oíche ghlormhar eile thall sa Fhrainc" (as ga-IE).
- ↑ Nuacht RTÉ (2023-10-15). "An Fhrainc amuigh as Comórtas Webb Ellis" (as ga-IE).
- ↑ rugbybworldcup.com. "IRE 24-28 NZL: New Zealand edge Ireland in classic to book Argentina semi-final | Rugby World Cup 2023" (en). www.rugbyworldcup.com. Dáta rochtana: 2023-10-23.
- ↑ rugbybworldcup.com. "FRA 28-29 RSA: South Africa beat France in seven-try thriller | Rugby World Cup 2023" (en). www.rugbyworldcup.com. Dáta rochtana: 2023-10-23.
- ↑ Nuacht RTÉ (2023-10-22). "Nua Shéalainn v Afraic Theas sa chluiche ceannais" (as ga-IE).
- ↑ Nuacht RTÉ (2023-10-29). "Sam Cane, an 1ú fear le bóthar a fháil i gcluiche craoibhe RWC" (as ga-IE).