File agus cumadóir eipeagram de chuid na Róimhe sa chéad aois RCh ba ea Cornificia (c. 85 RCh - c. 40 RCh).

Infotaula de personaCornificia

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith80í "RCh"
Bás40í "RCh"
30/49 bliana d'aois
Gníomhaíocht
Gairmfile, scríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse amaLate Roman Republic (en) Aistrigh
TeangachaAn Laidin
Teaghlach
AthairQuintus Cornificius
SiblínCornificia agus Quintus Cornificius
Via Appia: cuid de Róimh Cornificia a mhair.

A beatha cuir in eagar

Ba í Cornificia iníon Quintus Cornificius agus deirfiúr (Quintus) Cornificius, file, praetóir agus águr (fáistineach), agus phós sí fear darbh ainm Camerius. B'fhéidir gurb é seo an fear céanna a luann Catullus file i ndán dá chuid (uimhir 55).[1]

Na poist a bhí ag Cornificius cuireann siad in iúl gur muintir chéimiúil atá i gceist.[2] Giúistís nó ceannasaí míleata a bhí i bpraetóir, agus dhéanfadh an t-ágar dul amach ar thoil na ndéithe trí iompar na n-éan a scrúdú.

A saothar cuir in eagar

Níl aon chuid de shaothar Cornificia le fáil anois.[3] Mar sin féin, bhí fáil ar a saothar ar feadh i bhfad. Déanann Naomh Iaróm (347-420) trácht uirthi ina Chroinic agus é ag cur síos ar a deartháir: "Huius soror Cornificia, cuius insignia extant epigrammata" (Ba í Cornificia a dheirfiúr, a bhfuil a cuid eipeagram dearscnaitheacha fós ann.[4]

Fiú nuair a cailleadh a saothar bhí iomrá éigin uirthi. Cuireann Giovanni Boccaccio síos uirthi in De mulieribus claris (Cuntas ar mhná cáiliúla) (1362), á rá gur éirigh léi clú buan a bhaint amach[5] Déanann Laura Cereta, daonnachaí nótálta de chuid na hAthbheochana agus crann seasta na mban, tagairt di i gceann dá gcuid litreacha.[6]

Leacht cuir in eagar

Tá leacht le fáil fós sa Róimh agus inscríbhinn air a deir: CORNIFICIA Q. F. CAMERI Q. CORNIFICIUS Q. F. FRATER PR. AUGUR (Cornificia, iníon Quintus, bean chéile Camerius, agus Quintus Cornificius a deartháir, Praetóir agus Ágar).[7]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Stevenson, Jane: Women Latin Poets: Language, Gender, and Authority from Antiquity to the Eighteenth Century, lch 34. Oxford University Press 2005. ISBN 978-0-19-818502-4
  2. Corpus Inscriptionum Latinarum, vol. VI, 1300a
  3. Stevenson, Jane: Women Latin Poets: Language, Gender, and Authority from Antiquity to the Eighteenth Century, lch 34. Oxford University Press 2005. ISBN 978-0-19-818502-4
  4. The Chronicle of St Jerome online at tertullian.org
  5. et Cornificio germano fratri, eiusdem evi poete insigni, eque esset illustris in gloria. Nec contenta tantum tam fulgida facultate valuisse, verbis—reor—sacris inpellentibus Musis ad describendum heliconicum carmen sepissime calamo doctas apposuit manus, colo reiecto, et plurima ac insignia scripsit epygramata .... Potuit hec, nature non abiectis viribus, ingenio et vigiliis femineum superasse sexum, et sibi honesto labore perpetuum quesisse nomen.... caput 86 (Bhain an urraim chéanna léi is a bhain lena dheartháir, Cornificius, file clúiteach de chuid na linne. Níor leor léi an barr a bhreith léi in ealaín a bhí chomh héachtach sin, ach chrom sí ar véarsaí Heiliceanacha a scríobh le lámh a bhí seanchleachta leis an bpeann, trí ghríosú na mBéithe naofa… B'fhéidir léi, bean a bhí gach pioc chomh maith leis na fir, a gnéas a shárú le saothar agus le héirim, agus clú buan a ghnóthú le hobair cheart…).
  6. Adde Cornificiam Cornificii Poetae germanam, cuius natus in litteras amor tantas artes acquisiit, ut & diceretur Castalio latice nutrita, & epigrammata descripserit Heliconiis floribus omni loco semper amoena. Epistulae (Cuir leis an gcuid eile Cornificia, deirfiúr Cornificius file, ar bhláthaigh a grá bunaidh don litríocht chomh mór sin go ndeirtí gur cothaíodh í le bainne bhéithe Chastáilia agus a scríobh eipeagraim a bhí maisithe riamh i ngach áit le bláthanna Heileacain).
  7. Corpus Inscriptionum Latinarum, vol. VI, 1300a.