Giovanni Boccaccio
File agus scríbhneoir próis ó ré an Renaissance a bhí in Giovanni Boccaccio, a rugadh i bhFlórans sa bhliain 1313 agus a d'éag in Certaldo nó i bhFlórans ar an 21 Nollaig 1375.
(1822) | |
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1313 Certaldo (Poblacht Fhlórans) |
Bás | 21 Nollaig 1375 61/62 bliana d'aois Certaldo (Poblacht Fhlórans) |
Siocair bháis | Éidéime |
Áit adhlactha | Santi Jacopo e Filippo |
Teanga dhúchais | an Iodáilis |
Gníomhaíocht | |
Gairm | gearrscéalaí, beathaisnéisí, miotagrafaí, aistritheoir, file, taidhleoir, scríbhneoir |
Tréimhse oibre | 1323 (Féilire Ghréagóra) – 1373 (Féilire Ghréagóra) |
Mac/iníon léinn de chuid | Cino da Pistoia |
Mac/iníon léinn | Benvenuto Rambaldi da Imola |
Teangacha | An Iodáilis agus an Laidin |
Saothar | |
Saothar suntasach
| |
|
Ba iad na teangacha a chleacht sé ina chuid scríbhinní ná an Laidin agus canúint na Tuscáine, as ar fáisceadh an Iodáilis mar is aithnid dúinn inniu í.
Stíl
cuir in eagarCeannródaí prós-scríbhneoireachta a bhí ann. In áit a bheith ag déanamh aithrise ar fhoirmlí agus ar chnámhscéalta réamhdhéanta, d'oibrigh Boccaccio amach plotaí dá chuid féin, agus bhí craiceann inchreidte ar a chuid carachtar nach bhfacthas a leithéidí eile i litríocht na linne. Ba iad na foirmlí stíl litríochta na Meánaoise, ach ba scríbhneoir nua-aimseartha é Boccaccio.
D’úsáid Boccaccio stíl nua a d’aontaigh eilimintí an romans chuirtéisigh agus eilimintí an fabliau agus freisin rinne sé scigmhagadh ar fhoirmeacha eile meánaoiseacha.[1] Chuaigh a scríbhneoireacht i gcion ar leithéidí Navarre sa bhFrainc, a scríobh an Heptameron; George Petie sa Bhreatain, agus Cervantes a scríobh Novelas Ejemplares - scéalta gearra briomhara a léirigh suim san aign eolaíocht. Agus gan amhras ar Rabelais, a scríobh Gargantua agus Pantagruel, aor ar institiúidi an ama.
Is é an leabhar is mó cáil dár scríobh Boccaccio ná an Decamerone, bailiúchán gearrscéalta anghrácha, ach bhreac sé síos a lán eile freisin. Is dócha gurb é an Decameron - an chéad saothar próis i dteanga nua-aimseartha - ba mhó a chuaigh i gcion ar scríbhneoirí tar éis na hAthbheochana. Séard a bhí ann ná céad scéal ag déileáil le nádúr an duine agus a staid éidreorach sa saol.
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Máire Ní Ghráda. Miontráchtas M. A. - Ollscoil na hÉireann, 1992: "FANTAISÍOCHT agus AN GEARRSCÉAL COMHAIMSEARTHA". Dáta rochtana: 2023-04-21.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |