Coscaire músclóra plaisminigin – 1
Próitéin is ea an coscaire músclóra plaisminigin–1 nó (CMP-1), ar a dtugtar freisin coscaire músclóra plaisminigin intéiliaigh nó Serpin E1, a mbíonn ionchódaithe leis an ghéin SERPINE1. Tá leibhéal ardaithe de CMP-1 ina toisc riosca le trombóis agus aitéiriscléaróis [1]
Is éard is CMP-1 ann, coscaire próitéáise séirín (serpin) a fheidhmíonn mar phríomh-choscaire an mhúsclóra plaisminigin fíochán (MPf) agus na plaisminigin úraicionáise (MPú), músclóirí na plaisminigine, agus dá bharr sin fibrinealú (an próiseas a tharlaíonn taobh istigh den chomhlacht chun trombas (téachtáin fola) a bhriseadh síos). Is coscaire próitéáise séirín (serpin) é (SERPINE1).
Tálann an phlacaint an CMP eile, an coscaire músclóra plaisminigin-2 (CMP-2) agus níl sé i láthair ach i méideanna suntasacha le linn toirchis. Ina theannta sin, gníomhaíonn an próitéas nexin mar cosaire MPf agus úraicionáis. Is é CMP-1, áfach, príomh-choscóir na n-gníomhachtóirí plaisminigin.
Géineolaíocht
cuir in eagarIs í géin CMP-1 ná SERPINE1, atá suite ar chrómasóim 7 (7q21.3-q22). Tá polamorfacht choiteann ar a dtugtar 4G / 5G i réigiún an thionscnóra. Tá an ailléil 5G beagán níos lú gníomhach ó thaobh tras-scríofa de ná an 4G.
Feidhm
cuir in eagarCoscaire mhúsclóra plaisminigin úraicionáise (MPú) is ea príomhfheidhm CMP-1, einsím atá freagrach as scaoileadh plaisminigine chun plaismin a dhéanamh.
Ról i ngalar
cuir in eagarTuairiscíodh diaitéis fuilreatha (claonadh chun fuiliú) mar thoradh ar uireasa CMP-1 ó bhroinn; toisc nach gcuirtear fibrinealú faoi chois go leordhóthanach.
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ "PAI-1 and atherothrombosis" (August 2005). Journal of Thrombosis and Haemostasis 3 (8): 1879–83. doi:PMID 16102055. .
Tuilleadh léitheoireachta
cuir in eagarNaisc sheachtracha
cuir in eagar- An MEROPS bunachar sonraí ar líne do peptidases agus a n coscairí: I04.020 Curtha i gcartlann 2020-05-31 ar an Wayback Machine
- Teimpléad:MeshNameLeighis faoi Réir CeannteidilTeimpléad:MeshName